skip to main content

Rang 5 & Rang 6: Stair - Marie Curie

Fíricí fíorspéisiúla Faoi Marie Curie

"Ní haon chúis imní aon rud sa saol, níl ann ach é a thuiscint. Anois an t-am chun níos mó tuisceanna a bheith againn, ionas go mbeidh níos lú eagla orainn."

Seo eolaí eile, gur fiú daoibh eolas a bheith agaibh fúithi. Tá cáil ar Marie Curie ar fud an domhain as ucht a cuid fionnachtana ceannródaíocha, a bhuaigh duaiseanna Nobel, agus is bean í a bhí misniúil agus í ag sárú go leor constaicí inscne le linn a saol. Is í an chéad bhean sa stair a bhuaigh duais Nobel, is é fírinne an scéil ná gur bhuaigh sí péire!

1) Ní raibh a cuid oibre dírithe ar bhrabús a dhéanamh - I ndiaidh di teacht ar an dúíl rí-thábhachtach raidiam in 1898 rinne sí doicheall faoin deis airgid a shaothrú óna tháirgeacht.  Dúirt sí "Dúil is ea Raidiam, is leis na daoine é.

2) Chuir Curie cúnamh leighis ar fáil go pearsanta do shaighdiúirí Francacha le linn an Chéad Chogadh Domhanda – Bhí na céadta ospidéil agus othacharrana (ar a dtugtaí "Little Curies") feistithe lena cuid meaisiní bunúsacha x-ghathaithe chun cuidiú le máinlianna agus iad i mbun obráide.. Faoi dheireadh an chogaidh meastar gur shábháil fearas Curie níos mó ná 1 milliún saighdiúir.

3) An Chontúirt a bhaineann le Radaighníomhaíocht - Sa lá atá inniu ann, tuigeann muid go maith an chontúirt a bhaineann le neamhchosaint ar dhúile radaighníomhacha, ach 100 bliain ó shin ní raibh daoine chomh hairdeallach céanna. Creideann go leor daoine gur bhásaigh Marie agus Pierre Curie toisc gur fágadh tamall fada iad gan chosaint ar radaíocht.

Gníomhaíochtaí

1) Seo roinnt samplaí de stampaí poist stairiúla in onóir Marie Curie. Cén fáth nach ndéanann tú dearadh ar stampa tú féin in onóir eolaí cáiliúl éígin? 

2) Dear do phóstaer féin chun spreagadh a thabhairt do níos mó cailíní in Éirinn, chun dul le gairm san eolaíocht nó innealtóireacht. 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.