Gníomhaíocht: Cé Atá Ann?
Seo cluiche do bheirt imreoirí
ULLMHAIGH AN CLUICHE:
- Priontáil trí chóip de na cártaí thíos.
- Beidh cóip amháin ag gach imreoir leis na híomhánna de na ceiliúráin air.
- Maidir leis an tríú cóip, gearr amach gach duine, cuir filleadh ann ionas nach féidir leat a dhéanamh amach cé atá ann, agus cuir isteach i mbabhla é.
- Ba chóír go mbeadh 12 píosa páipéir fillte agat sa mbabhla tar éis duit iad a ghearradh amach.
- Munar féidir leat iad a phiontáil, cén fáth nach gcruthaíonn tú do chluiche féin trí carachtair a tharraingt tú féin? Déan cinnte go bhfuil siad daite isteach mar ní oibreoidh an cluiche muna bhfuil!
CONAS É A IMIRT:
- Tá a mbileog féin le íomhánna na gceiliúráin ag gach imreoir amach os a gcomhair agus tógann siad píosa páipéir amháin an duine amach as an mbabhla.
- Cuireann Imreoir 1 tús leis an gcluiche le ceist "Tá" / "Níl" a chur faoi charactar Imreoir 2.
- Seo roinnt ceisteanna a d'fhéadfadh a bheith úsáídeach chun an cluiche a imirt, ach déan iarracht roinnt a chumadh tú féin freisin:
- An bean/cailín í?
- An fear/buachaill é?
- An bhfuil gruaig rua/dubh/fionn/donn/liath air/uirthi?
- An bhfuil súile glasa/gorma/donna/liatha/dubha aige/aici?
- An bhfuil sé/sí ard?
- An bhfuil sé/sí íseal?
- An bhfuil sé/sí sean?
- An bhfuil sé/sí óg?
- An bhfuil sé/sí are an teilifís?
- Má deireann Imreoir 2 "Tá" is féidir le Imreoir 1 an duine/daoine nach gceapann siad atá ann, a chlúdach le licín (nó aon gnáthrud beag) chun roghanna a chur as an áireamh.
- Ansin cuireann Imreoir 2 ceist ar Imreoirr 1, agus leanann an cluiche ar aghaidh mar sin go bhfuil an tomhais ceart agus an bua faighte ag imreoir. Is féidir leat srian a chur ar líon na gceisteanna chun an cluiche a dhéanamh níos deacra, mar shampla, níl cead ag gach imreoir ach 5 ceist a chur.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Jokes
Cén fáth nach bhfuil tú in ann balún a thabhairt do Elsa?
- Mar tá si chun lig dó.
Who designs houses for people in the Gaeltacht?
- Dermot Bannon-tí
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.