Achoimre

Tugtar an rannann ar an uimhir atá le roinnt. Tugtar an roinnteoir ar an umhir a roinneann muid ar an rannann. An líon a thugtar ar an bhfeagra a fhaighean muid. Má bhíonn aon uimhir fágtha tugtar an fuílleach air.

Cuimhnigh, seo ord na gcéimeanna a úsáidtear don roinnt fhada -  

Roinn

Iolraigh

Dealaigh

Bain anuas

Bealach éasca chun smaoineamh ar an ord ná Réitigh Ispíní Don Bricfeasta! 

Cluiche Cártaí

Seo bealach siamsúil chun roinnt a chleachtadh le do chlann. 

Séard a theastaíonn ná – 

  • Paca Cártaí leis na ríthe, banríona, cuireataí agus cleasaithe bainte amach
  • Peann agus páipéar
  • Áireamhán 
  • Duine chun imirt leat

Conas an cluiche a imirt:

  • Tógann gach imreoir ceithre chárta agus fágann siad síos iad os a gcomhair amach.
     
  • Is iad na huimhreacha ar an gcéad trí chárta ná an rannann (an uimhir le roinnt) agus is é an ceathrú cárta an roinnteoir (an uimhir a úsaídtear chun roinnt) M.sh má iontaíonn tú na cártaí 8, 4, 3 agus 9 is é 843 an rannann agus 9 an roinnteoir. 
     
  • Caithfidh chaon imreoir an obair roinnte atá acu a dhéanamh ar pháipéar. Ná úsáid áireamhán ACH AMHÁIN chun freagraí an t-imreoir eile a sheiceáíl.
     
  • Coinníonn an t-imreoir leis an líon is mó na cártai go léir. 
     
  • Leanann an imirt go dtí go mbíonn na cártaí go léir ag imreoir amháin.
     
  • Ionas go mbeadh an cluiche níos deacra d'fhéadfadh na himreoirí 6 chárta a roghnú, le rannann 4 dhigit agus roinnteoir 2 dhigit acu.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Gníomhaíocht - Píotsa Tortilla

Seo cothromóid bhlasta duit – 1 Píotsa ÷ Ortsa = Bolg lán

Oideas éasca a thógann 15-nóiméad agus nach bhfuil gá duit a roinnt. 

Liosta Comhábhar

  • 1 fillteog tortilla
     
  • Dhá spúnóg bhoird Passata nó anlann Píotsa
     
  • 25g cáis chéadair grátáilte
     
  • Barrán – Pé rud is mian leat m.sh mozzarella, cáis feta, trátaí úra, trátaí griantriomaithe, piobair, arbhar milis, oinniún, pepperoni, liamhás, sicín, anann, ainseabhaí, peisteo, ruachán (cuir ar a bharr tar éis an chócaireacht), basal.

Modh

1) Réamhthéigh an oigheann do 180°C/350°F/gás 4

2) Cuir an fillteog ar thráidire bácála

3) Smear an passata ar an bhfillteog ag úsáid cúl na spúnóige. 

4) Croith cáis i ngach áit ar an bhfillteog

5) Cuir do rogha barráin air.

6) Cuir an fillteog san oigheann ar feadh thart ar 10 nóíméad, go dtí go bhfuil an cáis leáite agus ag giosáil. Coinnigh súil ar an bhfillteog ar fhaitíos go ndóitear é.

7) Nuair atá cuma déanta air, tóg amach é, lig cead dó fuarú beagáinín, gearr ina shlisní é agus alpadh leat!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.