Fíricí Cleiteacha
1) Creideann eolaithe gur fhorás na héin ó na dineasáir ar a dtugtar "theropod". Dineasáir le cnámha cuasacha agus cosa tríladhracha a bhí iontu.
2) Tá cineálacha áirithe éin chomh cliste gur féidir leo uirlisí a dhéanamh agus a úsáid.
3) Is í an Ostrais an téan is mó ar domhan. Beireann ostrais an ubh is mó ar domhan agus tá rith maith acu ag baint amach luas do 90 ciliméadar san uair.
4) Is í an sicín an cineál éin baile is coitianta atá le fáil ar fud an domhain.
5) Tá an dordéan ábalta eitilt i ndiaidh a chúil.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Oideas Arán Síolta Éan
Seo bealach tapa agus éasca chun arán a dhéanamh duitse agus do chlann, ag úsáíd na cineálacha síolta a thaitníonn go mór leis na héin. Iarr ar dhuine fásta cabhrú leat, más gá!
Ingredients:
- 1 x 500g tobán Iógart nádúrtha (lánsaille nó gan saill)
- 425g min choirce
- 1 taespúnóg sóid aráin
- 1 taespúnóg chothrom shalainn
- 1 spúnóg bhoird an ceann: Síolta seasamain, poipín, lus na gréine, & puimcín. Mas mian leat úsáid 4 spúnóg bhoird den cineál síol is ansa leat!
Modh:
1) Tar éis cead a fháil ó do thuimsitheoir/caomhnóir an oigheann a úsáid, déan é a réamhthéamh ag 180°C/Gás 4.
2) Cinnte go bhfuil do stán builín 900g/2Ib smeartha agus líneáilte.
3) Cuir an iógart isteach i mbabhla measctha mór.
4) Cuir isteach an coirce, sóid aráin, salann & síolta agus measc le chéíle go maith iad go dtí go bhfuil an taos tiubh.
5) Cuir an meascán isteach sa stán atá ullmhaithe agat.
6) Cinnte go bhfuil cuma mín ar a bharr trí cúl spúnóige a úsaíd.
7) Cuir isteach i lár an oigheann é agus bácáíl ar feadh 40-45 nóim go n-ardaíonn sé agus go mbíonn dath donnórga air.
8) Fág sa stán ar feadh 5 nóim é agus ansin aistrigh chuig raca sreinge é chun fuarú.
9) Bain sult as!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.