skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Mata - Codáin

 

Tráth na gCeist

Cé acu díobh seo atá ina aonad iomlán, ina leatha, ina gceathrúna?

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Codáín Ceoil 

Séard a theastaíonn uait 4 Ghloine, spúnóg, dathúchán bia nó rud éigin chun dath a chur san uisce m.sh coirdial nó péint

1) Líon suas an chéad gloine 1⁄4 lán.

2)  Dara gloine - 2/4's (1⁄2) lán.

3)  Tríú gloine - 3⁄4’s lán.

4)  Ceathrú gloine - lán go béal.

5)  Cuir braon beag de na dathúcháin bia éagsúla i ngach gloine.

6)  Cum cúpla port and scríobh síos iad ionas gur féidir leat iad a sheinm arís má bhíonn siad go maith m.sh dearg, dearg, gorm, gorm, corcra, dearg, dearg, corcra, buí srl Nó cuir uimhir ar na gloiní 1, 2, 3, 4 muna bhfuil dathanna agat.

Nuair atá tú an-scil agat le 4 ghloine, bain triail as 8 ngloine.

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí – Píotsa=ceathrú, Croí=Leath, Cáca=Leath, Straoiseog= Iomlán