skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Eolaíocht - Fuinneamh

 

Tráth na gCeist

1.  Cén eolaí bán-ghruagach mór le rá a dúirt "Ní féidir fuinneamh a chruthú ná a scriosadh. Is féídir é a thiontú ó fhoirm amháin go foirm eile."?

2. Cá bhfaigheann carr cianrialaithe an fuinneamh a theastaíonn uaidh?

3. Cé acu de na cineálacha fuinnimh seo a úsáidtear chun carr cianrialaithe a bhogadh? a) grian b) fuaim c) leictreach

4. Céard a dhéanann tú chun an fuinneamh a thabhairt do rothar chun gluaiseacht?

5. Céard a thárlaíonn nuair a mhéadaíonn tú an fuinneamh ag dul isteach sa rothar?

Joke

Q: Conas ar mhothaigh Benjamin Franklin nuair a d'aimsigh sé leictreachas?

Baineadh turraing as!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Sábháil Fuinnimh chun ár bPlainéad  a thabhairt slán

Úsáideann ár dtithe fuinneamh ar feadh an lae, gach lá. Úsáídeann an cuisneoir, an miasniteoir, an meaisín níocháín agus an cócaireán leictreachas. Tá fuinneamh ag teastáil freisin ó shoilse, gutháín agus ríomhairí chun feidhmiú.

Úsáídtear breoslaí iontaise cosúil le gual agus ola, gur féídir leo ár bplainéad a thruailliú, chun fuinneamh a sholáthar do thithe uaireanta, mar sin ba chóír dúínn ár ndícheall a dhéanamh níos lú fuinnimh a úsáid.  

Múch na soilse:  Múch agus plugáil amach aon rud a úsáideann leictreachas nuair nach bhfuil siad in úsáid agat féin m.sh soilse, riomhairí, teilifíseáin agus luchtairí. 

Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáíl:  Smaoinigh, an féidir leat rud éigin a athúsáid in ionad é a chaitheamh amach m.sh tabhair uait do chuid éadaí, déan coimeádán choinnle tae as crúiscín, nó cruthaigh puipéad as seanstoca. Athchúrsáil an oiread agus is féidir leat; tá i bhfad níos lú fuinnimh i gceist le athchúrsáil seachas ábhar nua a dhéanamh. Laghdaigh do chur amú bia tríd aráid muirín a bheith agat. 

Dún Doras an Chuisneora:  Ná fág doras an chuisneora ar oscailt agus tú ag doirteadh sú nó bainne duit féin, faigheann an t-aer fuar amach. 

Tóg Cith in ionad Folcadán:  Úsáideann cith gairid i bhfad níos lú uisce ná folcadán. 

Caith níos mó éadaí seachas an teas a chasadh air:  Má airíonn tú fuar, cuir geansaí ort féin seachas iarraidh ar do thuismitheoirí an teas a chur ar siúl.

Múch na Scáileáín:  Léigh leabhar, imir cluiche cláir, tarraing pictiúr, déan damhsa, aon rud nach núsáideann leictreachas. Tá sé folláin duitse agus don plainéad.  

Sábháil Uisce:  Ná fág an sconna ar siúl agus tú ag scuabadh do chuid fiacla agus ag nigh do lámha. 

Bí i do garda fuinnimh sa mbaile.  Is fútsa atá sé dul timpeall an tí le fáíl amach an bhfuil fuinneamh á chur amú. Múch aon soilse atá fághta ar siúl.  

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí: 1) Albert Einstein 2) Cadhnraí 3) c) Leictreach 4) Oibrigh na troitheáin 5) Téann sé níos tapúla