skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Stair

 

Ar éirigh leat roinnt déantáin suimiúla a aimsiú timpeall an tí? Féach go grinn ar chaon ceann, agus freagra na ceisteanna seo

Gnéithe Fisiciúla         
Cén chuma atá air agus conas atá sé le mothú?
_______________________________________________________________________________________
An bhfuil aon scríbhneoireacht, uimhreacha, pictiúir air?
_______________________________________________________________________________________

Tógáil  
Cad as atá sé déanta?
_______________________________________________________________________________________
An raibh mórán acu ann nó beagán? 
_______________________________________________________________________________________

Cuspóir  
Cad chuige ar úsáideadh é?
_______________________________________________________________________________________
Cé a d'úsáid é? 
_______________________________________________________________________________________
Ar úsáideadh é fadó amháín nó an bhfuil sé fós in úsáid?
_______________________________________________________________________________________

Riocht 
An bhfuil sé ann ina iomláine?
_______________________________________________________________________________________
An bhfuil damáiste déanta dó nó an bhfuil sé caite?_______________________________________________________________________________________
Cé chomh sean a mheasann tú atá sé?_______________________________________________________________________________________

Dearadh  
An ndéanann sé an jab i gceart?_______________________________________________________________________________________
An oibríonn sé go fóill?_______________________________________________________________________________________
An bhfuil leagan níos nua-aimseartha ar fáil?
_______________________________________________________________________________________

Gníomhaíocht

 

Imreoidh muid cluiche anois dar teideal "Déantáin Rúnda". Tá beirt ar a laghad ag teastáil chun an cluiche seo a imirt, ach dá mhéad daoine is ea is fearr é!

1) Faigh bosca beag (oibrionn bosca bróg go maith má tá ceann agat).

2) Cuir déantán sa mbosca, ach déan cinnte nach bhfeiceann éinne é!

3) Dún an clár.

4) Faigheann gach duine eile an deis ceist amháin a chur, i ndiadh a chéile, agus is féidir leo buile faoi thuairim a thabhairt faoin déantúsán rúnda. Ní féidir ach tá nó níl a fhreagairt do gach ceist agus caithfidh tú an fhírinne a insint!

5) Ní féidir níos mó ná fiche ceist a chur faoi. Ina dhiaidh sin, muna bhfuil an tomhais ceart ag éinne, is féidir leatsa a nochtadh cad atá sa mbosca!

Imir arís, an uair seo le duine éigin eile ag cur déantán i bhfolach sa mbosca.

Cleas Lá na nAmadán: Seo cleas gur féidir leat a dhéanamh ag úsáid déantán leictreonach!  Greamaigh píosa páipéir thar bhraiteoir an chianrialtán sula suíonn do dheartháireacha/deirfiúreacha/tuismitheoirí síos chun féachaint ar an teilifís agus féach orthu ag dul craiceáilte nuair a theipeann orthu an cainéal a athrú!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.