Rang 5 & Rang 6 - Gaeilge

Tráth na gCeist 

Fíricí Spéisiúla faoin tSín

Tá an tSín lonnaithe ar mhór-roinn na hÁise.

Is í Béising príomhchathair na Síne.

Tá an daonra is mó ar domhan ag an tSín. Tá os coinn 1.4 billiún duine ina gcónaí sa tSín.

Seo bratach na Síne. Dearg le cúig réalta órga. 

Is é Xi Jinping uachtarán na Síne.

Tá Sliabh Everest ar an teorainn idir an tSín agus Neipeal. Tá Sliabh Everest ar an sliabh is airde ar domhan agus tá sé 8,848 méadar ar airde, is é sin 8 n-uaire go leith níos airde ná an sliabh is airde in Éirinn, sin Corrán Tuathail.

Tá Balla Mór na Síne breis agus 2,300 bliain d'aois. Tógadh é leis an tSín a choinneáil slán ó naimhde. Tá Balla Mór na Síne ar an struchtúr is faide ar domhan. Ta sé 21,196 ciliméadar ar fad, sin 43 uair go leith níos faide ná Éire! 

Is é an t-ollphanda ainmhí náisiúnta na Síne. Béar atá san ollphanda, atá dubh agus ban. Itheann siad bambú

Ceisteanna

1) Cé mhéad duine atá ina gcónaí sa tSín?

2) Cad í príomhchathair na Síne?

3) Cén dath atá ar bhratach na Síne?

4) Cé hé uachtarán na Síne?

5) Cé chomh hard agus atá Sliabh Everest?

6) Cé chomh sean agus atá Balla Mór na Síne?

7) Cad a itheann pandaí?

Jócanna:

I forgot the Irish for "I fell" but then it kind of just thit mé.

Cé mhéad duine a bhíonn i mBriogáid Dóiteáin?

Naonúr Naonúr Naonúr Naonúr

Tomhas:

Cad a théann suas ach nach dtagann anuas? 

Freagraí: Tráth na gCeist -  1) 1.4 billiún duine, 2) Béising 3) Dearg agus orga 4) Xi Jinping 5) 8,848 méadar 6) 2,300 bliain d'aois 7) bambú

Tomhas: D’aois