Rang 1 agus Rang 2 – Tíreolaíocht

Tráth na gCeist

An cuimhin libh cad is brí leis na comharthaí agus na siombailí seo?

Agus seo roinnt eile a bheidh sibh in ann buille faoi thuairim a thabhairt orthu. Tá na freagraí ag bun an leathanaigh.

Gníomhaíocht – ealaíona agus ceardaíocht

Anois agus sibh in bhur saineolaithe ar léirscáileanna, bímis inár bhfoghlaithe mara agus déanaimis ár léarscáileanna taisce féin.

Léarscáil taisce a chruthú

Cad a bheidh uait? – Páipéar, mála tae, uisce, marcóirí 

Na treoracha –

1) Bain na taobhacha díreacha ón leathanach le cuma shean a chur air agus bíodh sé giobalach. 

2) Cuir an mála tae in uisce agus cuimil é thar an leathanach ar an dá thaobh ionas go mbeidh sé donn.

3) Déan liathróid den pháipéar, agus oscail arís é. Beidh cuma sheancaite air. Ansin, fág é le triomú ar feadh cúpla uair an chloig. 

4) Nuair a bheidh do léarscáil tirim, ba cheart go mbeadh an chuma air go bhfuil sé na céadta bliain d'aois. Agus anois, is féidir tarraingt ar do léarscáil. 

5) Is féidir na scileanna ar fad a d’fhoghlaim tú níos luaithe ón múinteoir a úsáid anois le léarscáil chruinn a tharraingt de do sheomra nó de do theach ar fad, nó is féidir domhan a chruthú ina bhfuil foghlaithe mara, crainn phailme agus ollphéistenna mara. Ná déan dearmad X a chur áit a bhfuil an taisce.

   

6) Leis an léarscáil a chríochnú, corn suas é agus ceangail é le sreangán nó ribín nó aon rud ar féidir leat a aimsiú a bhíonn cuma mhaith air.

Cuirigí pictiúr nó físeán díobh féin chugainn agus sibh ag déanamh léarscáile nó den léarscáil a bheidh ann ag an deireadh.

Freagraí - Eolas, Páirceáil, Cithfholcadán, Peitreal, Bialann, Leithreas, Linn Snámha, Aerfort, Láthair champála, Láthair phicnicí, Teach Solais.