Is ag dul ó neart go neart atá Creag na bPuifíní, an tsraith theilifíse agus branda a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach ar a son. Ó tharla go bhfuil an scannán 'Creag na bPuifíní agus Cairde Nua’ le
feiceáil anois ar scáileáin ar fud an domhain, an chéad chéim nádúrtha eile ná sraith 3.
Puffin Rock as Gaeilge - ag sruthú anois ar RTÉ Player!
Sa tsraith seo, beimid i gcuideachta seanchairde agus cairde úra, iad ag cur aithne níos fearr ar a chéile, ag dul i ngleic le cora an tsaoil agus ag taiscéalaíocht sa dúlra thart orthu gach uile lá ar Chreag na bPuifíní.
Bhí lucht féachana na réamhscoile thar a bheith tugtha don scéalaíocht chairdiúil shéimh i Sraith 1
agus 2 den tsraith theilifíse. Tá sin ann arís sa tsraith úr, chomh maith le buíon nua carachtar a
leaindeáil ar an oileán le linn an scannáin Creag na bPuifíní agus Cairde Nua.
Tá dlúthchara úr ag Oona, is í sin Isabelle an Puifín Badánach a eitlíonn go hard sa spéir, agus bíonn seans ag Baba am a chaitheamh le Lala, an ball is úire agus is gleoite den fhoireann agus an puifín beag is lú acu ar fad. I gcuideachta a gcairde úra eile, Marvin agus Phoenix, tá séasúr 3 ag cur thar maoil le scéalta suimiúla agus eachtraí éachtacha nua.
Tá an méid sin ar fad ann taobh le téamaí atá coitianta in aois na réamhscoile, mar shampla an cairdeas, teaghlach agus muintearas agus, san am chéanna, deiseanna ann le fíricí a fhoghlaim fá stair an dúlra bunaithe ar an nádúr sa tsaol mar a bhíonn.
Tá cairde úra acu ina gcónaí ar an oileán chomh maith le foireann carachtar atá i bhfad níos mó ná
mar a bhí againn i séasúr 1 nó 2, agus is tábhachtach dúinne go bhfuil Oona agus Baba go fóill i
gcroílár an tsaoil ar Chreag na bPuifíní. Deis dúinne triail a bhaint as níos mó snáithe scéil an t-am seo
toisc go bhfuil na carachtair nua againn, deis nach raibh againn go dtí seo. Tá Isabelle, puifín atá níos
sine ná Oona, mar eiseamláir di anois. Tá Isabelle níos muiníní ná í, tá eitilt aici agus tá sí ábalta
siúlóid an phuifín a dhéanamh níos éifeachtaí ná mar atá Oona; seo an deirfiúr níos sine nach raibh
aici go dtí seo.

Tá comrádaí níos óige ná é féin ag Baba anois, is í sin Lala, agus beidh seans aige an taoibhneas a bhaineann le Creag na bPuifíní a thaispeáint di agus ‘dóigh an phuifín’ a theagasc di, ar a
dhóigh bheag féin dar ndóigh. Ní hamháin Oona agus Baba a bhfuil cairde úra acu, tá cairde úra ag Mossy, May, Silky agus na hUlchabháin fosta, ainmhithe breátha seanbhunaithe eile sa chlár. Tá Phoenix tugtha do na caora mar atá Mossy, tá Silky ábalta dul ag snámh le Marvin agus tá May sásta dul ag tochailt leisean faoin talamh.
Agus iad ar fad le chéile, gheobhaidh siad blaiseadh den spraoi, den iontas agus den bhagairt atá mar
chuid den tsaol amuigh i dtírdhreach fiáin! Soicind amháin beidh siad ag eitilt go hard sa spéir, ag
tumadh faoi na tonnta nó ag súgradh leis na macallaí in uaimh, an chéad rud eile beidh siad ag
streachailt leis an ghaoth ard, á scuabadh ag sruthanna gasta nó ag iarraidh éalú ó fhaoileán. Sin
gnáthlá ag fás aníos ar Charraig na bPuifíní! Anois, agus muid i gcuideachta an scéalaí is ansa linn,
Dónall Mac Giolla Chóill, an saineolaí cruthanta ar phuifíní, a thugann a léargas féin ar an tsaol seo
dúinn ar a bhealach pearsanta féin, seo linn ag triall ar ais chuig an Oileán do Shéasúr 3.