skip to main content

Codladh sámh le BeddyByes as Gaeilge

Fáilte go Pláinéad BeddyByes. Tar ar thuras suaimhneach leis na dlúthchairde MeMo agus BaBa roimh dhul a chodladh dóibh agus cuir aithne ar na cairde uile a chastar orthu ar an tslí.

Ag sruthú anois ar RTÉ Player!

Téann MeMo agus BaBa chuig an Chrann Spraoi faoi choinne Am Spraoi ina bhfeithicil ildaite, GóGó, agus bíonn na hÉiníní ina gcuideachta. Is aoibhinn le MeMo agus BaBa bréagán a roghnú don tsúgradh agus buaileann an Clog Tic Toc nuair atá sé in am imeacht. Tugann GóGó an bheirt chairde go Tír na Neamaithe, áit a bhfaigheann siad smailc ó na Neamaithe.

Ansin, go Loch an tSuantraí leo agus na Drithleoga agus na Scuaba ag cuidiú leo a bhfiacla a scuabadh. Is suaimhneach, ciúin an turas trasna Loch an tSuantraí i mBád GóGó. Téann na narbhail Fungi agus Pungi i gcuideachta na gcairde agus ó am go chéile tagann Míol Mór Ellie agus Cór na nIasc leo fosta. Bíonn Traein GóGó ag fanacht ar bhruach Loch an tSuantraí lenár gcairde tuirseacha a thabhairt go Cuan na Leabhar faoi choinne Am Scéalaíochta. Insíonn Mamó Leeba scéal don bheirt chodlatán faoi eachtraí uile an lae ar Phláinéad BeddyByes.

Anois, tá sé in am oíche mhaith agus codladh sámh a ghuí ar MeMo, BaBa agus a gcairde uile. Agus ortsa chomh maith.