skip to main content

TV: Sábháil an domhan le Holt

Tá triúr déagóir ó phláinéad Éire, tar éis teacht slán as longbhriseadh ar phláinéad chontúirteach agus tá orthu an chruinne a shábháil ón Dúchan má tá siad ag iarraidh filleadh abhaile arís.

Three mismatched teens from Planet Éire, shipwrecked on a dangerous world, must help save the universe from the Blight if they're ever to return home. OK, we're hooked already on HOLT!

Holt - a sruthú anois ar RTÉ Player anseo!

An Scéal

Ar a mbealach abhaile ó thuras scoile idir-réaltrach, tá Roo, Cré agus Mata, triúr déagóir ón bpláinéad Éire gan aithne acu ar a chéile,buailte le bíog leictreach atá ag taisteal tríd na cruinne. Tagann siad slán as longbhriseadh ar phláinéad ársa an phríosúin atá i bhfolach i gcrios dhearg na cruinne.

Fomóire - áit atá lán le harrachtaí dáinséaracha, draíocht agus rúin. Is anseo ar Fomóire a bhuaileann siad le Jeannie - priosma frithchaiteach draíochtach agus nuair a thugann sí faoi deara go bhfuil na déagóirí imithe amú agus scanraithe, tugann sí cúnamh dóibh dul i bhfolach ar na hollphéisteanna atá ag crochadh thart. Tugann Jeannie an chumhacht dóibh oibriú le chéile agus iad féin a mhúnlú mar aon ionad amháin...mar HOLT.

Sár-dhuine atá lán le cumhacht agus eolas óna dtuismitheoirí agus a sinsearacha ar phláinéad Éire. Tá Holt in ann ionsaithe a dhéanamh ar arrachtaí ach díreach ar feadh tamaillín beag ag an am. Cloiseann Roo, Cré agus Mata go bhfuil an chruinne i gcontúirt ag an dream olc, An Dúchan.Tá ar na déagóirí ní amháin pláinéad Fomóire a chosaint ach tacaíocht a fháil uaidh dhaoine chun troid in aghaidh airm Dúchain má tá siad chun filleadh ar ais abhaile go hÉirinn.

Click here for your guide to the galaxy of Holt.

For more Irish language shows for kids visit RTÉ Kids online.