Share a scéal or learn cúpla focal with Children's Books Ireland this Seachtain na Gaeilge.
Tá Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 anseo! Díreach in am do Seachtain n aGaeilge, tá moltaí le haghaidh céad leabhar iontach Gaeilge do léitheoirí óga suas le hocht mbliana déag d'aois sa treoirleabhar nua seo.
I measc na dteideal, tá leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, neamhfhicsean agus cnuasaigh filíochta, greannáin agus ficsean do luathdhéagóirí, an bealach ar fad suas go ficsean d’aosaigh óga - tá leabhar ann do gach leibhéal léitheoireachta. Fiú muna bhfuil ach cúpla focal agat, is deis iontach í Seachtain na Gaeilge le tabhairt faoi leabhar Gaeilge a léamh
Our friends at Children’s Books Ireland have a brand-new reading guide, Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 and it’s the perfect resource for readers and learners alike! Whether you’re a fluent Gaeilgeoir or new to Irish, have your cúpla focal or are keen to keep the grá for Gaeilge alive at home, why not pick up a good book as Gaeilge?
Filled with 100 brilliant recommendations, Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 boasts a wide range of titles from boardbooks to picturebooks, non-fiction, poetry collections, comics, middle-grade fiction and young adult fiction. The categories are there to help pick the best books for all you young readers.
Aliens, witches, robots, pirates, folklore, classic tales and so much more, there is a book for everyone here to enjoy.
Ready to fall in love with leabhair Ghaeilge? Check out some of the featured books from the new guide here.
TEACH TEIDÍ
SADHBH ROSENSTOCK maisithe ag CIARA Ní DHUINN
PICNIC PRESS 2023 (BOG) 44LCH €16.95 ISBN 9781399943253
Amhráin agus rannta nuachumtha do leanaí óga i leabhar mealltach nasctha le cód QR. Téimid ar thuras samhlaíochta le Teidí, buailimid le carachtair éagsúla shuimiúla. Tá intreoir gairid ag tús gach amhrán. Tá íomhánna tarraingteacha gleoite sa leabhar. Neartaíonn siad na hamhráin agus léiríonn siad ciall na bhfocal. Tá athrá sna hamhráin agus iad éasca le cur de ghlanmheabhair. Iontach sa charr, sa teach nó sa seomra ranga! Go on a singing, rhyming adventure into the imagination with Teidí. First in a series. (Aois 0–4)
MO CHUID UIRLISÍ CEOIL
EMER Ní SCOLAÍ maisithe ag TATYANA FEENEY
MY IRISH BOOKS 2023 (CAIRTCHLÁIR) 14LCH €12.95 ISBN 9781739528300
Is leabhar fuaime álainn í seo a dhéanann cur síos simplí ar phríomh-uirlisí ceoil na hÉireann. Tá uirlis dhifriúil ar gach leathanach agus le gach ceann acu tá sampla deas bríomhar den uirlis sin le cloisteáil. Osclaítear súile an léitheora óig don cheol agus do chultúr na hÉireann ar bhealach atá antarraingteach. Tá na pictiúir an-nádúrtha agus baintear úsáid as dathanna éagsúla chun an scéal a thabhairt chun solais. Bainfidh léitheoirí óga antaitneamh as an leabhar seo, ceann álainn go cinnte. This sound book will introduce the reader to the musical instruments of Ireland, accompanied by beautiful audio samples. (Batteries included) (Aois 0–4, 5–7)
MÍP AGUS BLÍPÍN
MÁIRE ZEPF maisithe ag PADDY DONNELLY
FUTA FATA 2022 (CRUA) 25LCH €10.95 ISBN 9781910945995
Ábhar iontais atá anseo do phástí le spéis sa spás. Caithfear go leor ama ag iniúchadh na bpictiúr, le mionsonraí le feiceáil in obair na n-eolaithe agus in eachtraí Mhíp agus Bhlípín ar Mars. Tá an Ghaeilge sa leabhar go hálainn agus beifear ag iarraidh an scéal a léamh arís agus arís eile le gach aon ní a thógáil isteach. Scéal atá lán le dóchas croí, agus a léiríonn an tábhacht a bhaineann le fáilte a chur roimh chairde nua i do shaol. A sequel to Míp, readers will be scanning for all of the little details in the illustrations as the Mars-based robot finds a friend. (Aois 2–4, 5–8)
CEOL NA SIÓG
GRÁINNE HOLLAND maisithe ag MR ANDO
AN tSNÁTHAID MHÓR 2021 (CRUA) 22LCH €22.00 ISBN 9781912929139
Nuair a bhíonn focail, íomhánna agus ceol ag obair as lámha a chéile, bíonn draíocht ann. Sa leabhar seo, a bhfuil dlúthdhiosca ag gabháil leis, tá trí amhrán déag le Gráinne Holland. Tá léaráidí le Mr Ando ag gabháil le gach amhrán agus tá siad á gcanadh go binn ag Seán Óg Graham ar an dlúthdhiosca. Éiríonn go han-mhaith leis an gcomhshaothar seo, nó léirítear mistéir agus draíocht tharraingteach an dúlra leis an gceol agus an leabhar, agus déantar iad a cheiliúradh. A collection of thirteen songs about the beauty of nature, accompanied by magical illustrations. This book comes with a CD. (Aois 5–7, 8–10)
MÓR AGUS MUILC
JOHN ÓG HIUDAÍ NEIDÍ Ó COLLA maisithe ag KIM SHARKEY
ÉABHLÓID 2019 (CRUA) 28LCH €12.00 ISBN 9780995611993
Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair atá sa leabhar seo. Pléann an scéal le téama teibí an bháis agus iarrachtaí éalú uaidh. Tugann Mór agus Muilc na cosa leo ag cur ceisteanna ar charactair éagsúla eile faoin mbás. Tá reacaireacht chiorclach in insint an scéil leis an léitheoir a mhealladh agus chun go rachaidh na ceisteanna móra i bhfeidhm ar an léitheoir ar leibhéil éagsúla. Tá an-tuiscint ann do shuíomh an scéil agus tá an fharraige mar chúlbhrat ag gach eachtra a thiteann amach ó thús deireadh. A Donegal folktale about death and people’s attempts to escape it. (Aois 5–7, 8–10)
AR STRAE
PATRICIA FORDE maisithe ag JOHN WHITE
FUTA FATA 2019 (BOG) 64LCH €7.95 ISBN 9781910945513
Tagann Nizar go hÉireann as an tSiria lena mham agus a bheirt deirfiúracha atá ina cúpla. Tá a mham ag iompar clainne agus ar ndóigh tá teaghlach mór ag Nizar, ach níl a athair ansin agus tá Nizar mar fhear an tí anois go dtí go dtagann sé ar ais. Tá siad ina gcónaí in óstán agus tá a lán rialacha ann. Tá Nizar ina theifeach agus tugann sé fíor-spléachadh ar an gcineál saoil a bhíonn acu. Cosúil le scéal maith ar bith tá namhaid ag Nizar bocht: Seán Seoighe an cúramóir. Tá deireadh idéalach ag an scéal seo a dhéanfaidh é antarraingteach do léitheoirí. This story follows Nizar, a young Syrian refugee who lives in a hotel in Ireland with his family. (Aois 8–10, 10–12)
Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 is a collaboration between Foras na Gaeilge and Children’s Books Ireland, with the support of Love Leabhar Gaeilge.
You can pick up your free copy of the guide in participating bookshops and libraries across the island of Ireland or download it over on www.childrensbooksireland.ie and www.loveleabhargaeilge.ie.
And you can get your great reading recommendations from Children's Books Ireland every month with the RTÉjr Book Club!