Is sraith dhraíochtúil scéalta Gaeilge í SCÉALTA atá scríofa agus curtha i láthair ag roinnt de na scríbhneoirí agus na taibheoirí is fearr in Éirinn. I ngach eagrán de SCÉALTA, tógtar an lucht éisteachta ar aistear fuaime úrnua.

Scéalta is a magical series of Irish language stories from some of Ireland's finest writers and performers. Each episode of SCÉALTA transports listeners off on a brand new audio adventure.

Subscribe to the podcast here now!

B'iad Macalla Teo a rinne an clár seo do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉjr Radio le tacaíocht ó Udárás Craolacháin na hÉireann faoin Scéim Fuaim agus Fís, agus le táille do cheadúnas teilifíse.

Ealaín le Kara O'Callaghan.

1. Eascann an Easa

Gach bliain, ní mór d'eascann an easa dul timpeall toibreacha leighis na habhann chun iad a ghlanadh, díreach mar a rinne a athair roimhe. An uair seo, áfach, nuair a dhúisíonn sé tar éis lá oibre ollmhór, tá sé tinn. An bhfuil ainmhithe an dá chos tar éis é a thréigean?

Le Aodh Mac Gairbhéa
Á Léamh ag Aodh Mac Gairbhéa
Ceol agus dearadh Fuaime le Alannah Thornburgh

2. Cleachtadh a Dhéanann Máistreacht

Tá Fionn ag streachailt lena cheachtanna pianó agus a bheirt thuismitheoir ina gceoltóirí. An mbriseann an dúchas i gcónaí? B'fhéidir nach bhfuil sé ag féachaint san áit cheart. Nuair a fheiceann sé bean an bhodhráin ag barr na haille, téann sé ar aistear ceoil nua.

Le Muireann Ní Chíobháin
Á léamh ag Ray Cuddihy
Ceol & Dearadh Fuaime le Jack Dempsey McMahon

3. An Chathair Mhór

D’fhág Caoimhe a baile chun a haisling a fhíorú sa chathair mhór. Ach nuair a bhíonn drochthaithí aici ar shráideanna na cathrach, athraíonn a meon agus déanann sí iarracht a bheith níos scanrúla chun í féin a chosaint. An bhfaighidh cairdeas an lámh in uachtar ar uaigneas?

Le Seán T Ó Meallaigh
Á léamh ag Gráinne Bleasdale
Ceol & Dearadh Fuaime le Junior Brother

4. An Beithíoch Dearg

Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann "an t-arracht", an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol.

Le Sadhb Devlin
Á léamh ag Sadhb Devlin
Ceol & Dearadh fuaime le Junior Brother

5. An Phollóg Feasa

Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith ar a bhradán feasa féin?

Le Muireann Ní Chíobháin
Á Léamh ag John Sharpson
Ceol & Dearadh Fuaime le Fixity