Seachtain na Gaeilge atá ann! Mar sin, ar Raidió RTÉjr táimid ag dul gaeilge le haghaidh ár DJ ar feadh Lae. Tugann daltaí Ghaelscoil Choláiste Mhuire uair an chloig speisialta lán ceoil agus spraoi libh.
Bígí linn ag 4pm Dé Sathairn!
Dia daoibh gach duine. Is mór an pléisiúr dúinn sinn féin a chur in aithne daoibh. Buachaillí agus cailíní rang a ceathair anseo, Gaelscoil Choláiste Mhuire. Ócáid an-speisialta atá ann an tseachtain seo: Seachtain na Gaeilge.
Tá an t-ádh orainn go bhfuilimid in ann an tseachtain seo a cheiliúradh ar scoil. Táimid dubh dóite de bheith sáinnithe sa bhaile mar a bhíomar ag an am seo I rang a trí!
Mar sin, thosaíomar rang a ceathair le háthas inár gcroíthe. Bhí dóchas againn go mbeadh bliain dheas spraíúil againn le chéile agus leis an múinteoir nua, Diarmuid. An bhliain seo, bhí go leor spraoi againn.
Chuireamar aithne ar charachtar suimiúil darbh ainm "An tIora Rua". Thug sé go leor eolais dúinn faoin dúlra, agus is breá linn bheith amuigh faoin aer ag foghlaim, ag am ealaíne agus am spóirt go háirithe!
Os ag caint ar spórt muid, bhí an chéad chluiche ag foireann peile na scoile le déanaí. Ghlac go leor páistí ó rang a ceathair páirt sa chluiche seo agus bhíomar an-bhródúil nuair a tháinig siad ar ais chun na scoile: GSM Abú!
Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar dhuine an-speisialta. Tháinig Múinteoir Caragh chun cabhrú le déanaí agus is iontach an rud é! Aireoimid uainn tú nuair atá tú imithe, a Charagh, agus tú súil againn go dtiocfaidh tú ar ais ar cuairt.
Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an gclár. Slán!
TUNE IN ON 12 MARCH WHEN THIRD CLASS TAKE OVER TOO!!
#SnaG22: RTÉjr Radio team up with Ghaelscoil Choláiste Mhuire
If you or anyone you know would like to take over just download the document here to find out more!
Click here to listen to RTÉjr Radio LIVE!