skip to main content

Bígí le RnaG agus BAE ag Fleadh Cheoil na hÉireann!

Is i nDroichead Átha a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann a gCo. Lú ó 12 – 19 Lúnasa i mbliana, agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ansin i lár an aonaigh le craic agus ceol beo ón Ródaí a bheidh suite ar Fair Street i lár an bhaile.

Tá súil leis na mílte cuairteoirí chuig an mbaile, ó cheoltóirí óga go ceoltóirí aitheanta, turasóirí agus neart eile. Beidh 10,000 ceoltóir i láthair, agus 6,000 iomaitheoir páirteach i 180 comórtas uilig.

An tUachtarán agus a bhean, Sabina ag seoladh Fleadh Cheoil na hÉireann, i nDroichead Átha.

Taobh amuigh de na comórtais agus na seisiúin, beidh go leor imeachtaí eile freisin. Déardaoin agus Dé hAoine, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón Ródaí i lár an bhaile le ceol beo, amhránaíocht, damhsa agus spraoi ó 2pm go 4 pm, le hÁine Hensey sa chathaoir do Bhinneas Béil.

Ansin, Dé Sathairn ag an am céanna, beidh Neansaí Ní Choisdealbha ar an stiúir don chlár Rabharta Ceoil ón bhFleadh agus Dé Domhnaigh craolfar aifreann na féile ón mbaile ag 11 am. 

Beidh Sinéad, Áine agus Siún ón bpodchraoladh Beo, ar Éigean ag taifead eagrán speisialta ag an bhFleadh tráthnóna Déardaoin ón ródaí óna 4 go dtí 5. 

Siún, Sinéad agus Áine.