Scríobhann Cian Ó Griallais faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta i bhféilire na nGael atá ar siúl i gCill Chártha i gContae Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo.
I bhféilire na nGael bíonn ócáidí móra a bhaineann le teanga agus cultúr aibhsithe ó thús na bliana. Bíonn dhá cheann aibhsithe agamsa ar chaoi ar bith. Is féilte iad a bhíonn ar chamchuairt timpeall na tíre. Ag an dá ócáid, tugtar an deis casadh ar chairde idir sean agus nua ó chuile cheard den tír. Daoine a bhfuil grá acu don teanga. Is é Oireachtas na nGael ceann acu sin a reachtaítear ag deireadh an Fhómhair chuile bhliain. An ceann eile ná Comórtas Peile na Gaeltachta a bhíonn ar siúl i rith deireadh seachtaine fada i mí an Mheithimh agus a bheidh ag tosú ag an deireadh seachtaine. Is comórtas é a bhfuil neart staire ag baint leis, agus leis sin neart traidisiúin.
Seans go ndéanann muid talamh slán de a leithéid de chomórtas sa lá atá anois ann. Tugann an comórtas deis iontach d'imreoirí club imirt i gcoinne foirne ó chontaetha i bhfad ó bhaile. Níl a leithéid ann do chlubanna lasmuigh den Ghaeltacht agus cinnte ní ag an gcaighdeán céanna. Ach roimh 1969 ní raibh a leithead de chomórtas ann. Imríodh an chéad 'chomórtas’ i nGaoth Dobhair idir iad agus Cumann Caide na Gaeltachta ar lá seaca i mí Eanáir. Is minic gur an mhalairt a bhíonn i gceist anois, le haimsir bhrothallach an tsamhraidh go minic againn ag an tráth seo den bhliain. Spreag an cluiche sa sneachta sin grúpa imreoirí an comórtas a bhunú agus reáchtáladh an chéad chomórtas oifigiúil níos deireanaí an bhliain sin le foirne ó 6 chontae éagsúla.

I mbliana tabharfaidh foirne peile ó na Gaeltachtaí ar fad aghaidh ar Chill Chartha i nGealtacht Thír Chonaill. Is deis iontach í do mhuintir Chill Chartha a gcumann a chur os comhair pobail na nGaeltachtaí le bród. Bíonn an comórtas i gcumann éagsúil gach bliain, i nGaeltacht éagsúil gach bliain. Do roinnt, is oilithreacht speisialta í a thugtar fúithi gach aon bhliain. Ach taobh amuigh den chairdeas agus den chraic, tá an pheil mar an chloch is mó ar an bpaidrín. Idir pheil na bhfear agus pheil na mban, idir shinsir agus shóisear, tá foirne ag caitheamh súile ó thuaidh chun bonn uile-Éireann a bhaint amach dá gcumann.
Do go leor do na foirne atá ar a mbealach go Dún na nGall an deireadh seachtaine seo, thosaigh a bhfeachtas beagnach dhá mhí ó shin. Bíonn réamhbhabhtaí áitiúla ann. Imrítear cluichí sna Gaeltachtaí éagsúla chun socrú ar na hiomaitheoirí áitiúla. Ag brath ar líon na bhfoirne sa nGaeltacht, ag grád áirithe, beidh córas difriúil ann chun foireann a roghnú. Is mó atá an Ghaeltacht, is faide an bóthar é ag an gcomórtas náisiúnta.
Tarraingíonn na cluichí áitiúla caint is spleodar. Bíonn cluichí móra ann idir foirne a bhfuil seanaithne acu ar a chéile. Fágtar cairdeas agus caidreamh le taobh páirce. Samhlaigh, Leitir Mór agus an Cheathrú Rua ar an Máiním, An Ghaeltacht agus an Daingean i nGallarus nó Gaoth Dobhair agus Cill Chartha ar pháirc Mhachaire Gathlán. Bíonn cluichí fíochmhara ann i gcónaí chun an áit luachmhar sin sna babhtaí náisiúnta a bhaint amach.
Leis an mborradh atá faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht tá foirne ó cheantair nach Gaeltacht traidisiúnta iad ag imirt sa gcomórtas le blianta anois. Tá pobal agus líonra teanga láidre i gcathracha móra ar fud na tíre agus tá dhá chumann ag taisteal do Thír Chonaill i mbliana chun a mbród don teanga agus cultúr, chomh maith lena ngrá don pheil a léiriú do chách. Sin iad na Gaeil Óga ó Bhaile Átha Cliath agus laochra Loch Lao ó Bhéal Feirste. Sampla iontach eile nach bhfuil aon mheath ar chultúr na nGael lasmuigh den Ghaeltacht.
Mar a shamhlófá, ní obair éasca í a leithead do chomórtas a rith. I mbliana beidh 21 chlub ag glacadh páirte sa gcomórtas, an tromlach acu sin ag taisteal ó chontaetha eile. Bíonn lucht leanúna na gcumann ag taisteal chun tacaíocht a thabhairt, chomh maith leo siúd a thugann faoin gcomórtas gach uile bhliain. Tá an comórtas imithe i méid ó 1969 nuair a bhí 8 bhfoireann ag glacadh páirte. Caithfear lóistín a eagrú, bia, imeachtaí sóisialta agus siamsaíocht. Bhí ar mhuintir Chill Chartha tús a chur leis an obair mhór seo i bhfad ó shin le go mbeadh an chuid is fearr den áit agus den chumann le feiceáil ag cuairteoirí ó fud fad na tíre - imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe.
Le blianta fada bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón gcomórtas agus cluichí beo acu an deireadh seachtaine ar fad. Is amhlaidh an cás i mbliana. Beidh siad ar an aer ó mhaidin Dé Sathairn agus sceideal lán acu thar trí lá. Beidh cluichí beo le feiceáil ar an teilifís chomh maith. An deireadh seachtaine seo beidh TG4 ag craoladh cluichí beo ag tosú leis na cluichí leathcheannais. Beidh cluichí beo acu chomh maith ar an gcainéal YouTube ag tosnú ar an Aoine. Mar sin fiú mura féidir leat a bheith i gCill Cartha an deireadh seachtaine seo, ní chaillfidh tú aon chuid den imirt ar an bpáirc.
Dóibh siúd atá réidh le taisteal ó thuaidh beidh deireadh seachtaine iontach agaibh. Beidh peil den scoth ann. Beidh fáilte is fiche curtha roimh chuile dhuine go Cill Chartha. Beidh craic iontach ann i measc an lucht leanúna. Is deireadh seachtaine speisialta é a bhfuil sé deacair cur síos cruinn a dhéanamh air. Tá i bhfad níos mó i gceist ann ná peil, ach ní dóigh liom go n-aontódh aon imreoir liom ansin. Mura bhfuil tú ag dul suas, impím ort rud amháin a dhéanamh don bhliain seo chugainn. Agus tú ag breathnú chun cinn ar shamhradh 2027, bíodh an deireadh seachtaine fada seo aibhsithe agat agus bíodh Lios Póil agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2027 mar thriall agat.