skip to main content

Plúr na bhFilí Gaeilge ar Lá na Filíochta

Inniu Lá na Filíochta in Éirinn, tír a bhfuil cáil uirthi as stair agus saibhreas a cuid filí. Cé go bhfuil tréimhse na mBard caite, tá an fhilíocht fós láidir i mBéarla agus dár ndóigh, sa Ghaeilge freisin. Tá muid uilig faoi chomaoin fhathaigh na filíochta Gaeilge a chuaigh romhainn, leithéidí Nuala Rua, Gabriel Rosenstock, Seán Ó Ríordáin, Caitlín Maude ach tá glúin nua ag teacht in inmhe agus tá go leor filí Gaeltachta agus Gaeilge araon ag saothrú sa ghort liriciúil ach seo cuid den fhilíocht a chuaigh i bhfeidhm orainn.

Laoighseach Ní Choistealbha

Is as Dún na nGall do Laoighseach ó dhúchas ach tá sí ag cur fuithí i gConamara le blianta beaga anuas.

Tá cúpla cnuasach foilsithe ag Laoighseach le dornán blianta anuas, Solas Geimhridh agus Mainistir na Feola agus dánta léi foilsithe freisin in Comhar, Feasta, Éigse Éireann, ANEAS, The Waxed Lemon, ROPES, An Capall Dorcha agus foilseacháin nach iad.

Éist léi anseo ag reic dhá dhán do Sunday Miscellany ar RTÉ Radio One.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Eoghan Mac Giolla Bhríde

Tá aithne againn ar Eoghan mar fhoilsitheoir agus údar scéalta ach is file cumasach freisin é. s gearrscéalaí agus scriptscríbhneoir é Eoghan Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair. Foilsíodh a thríú cnuasach gearrscéalta, Cnámh, in 2020 ar bronnadh duais Leabhar Gaeilge na Bliana air ag An Post Irish Book Awards 2020.

Éist anseo lena dhán fíorbhrónach, álainn a scríobh sé dá chara, Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Súil amháin/ Séamus Barra Ó Súilleabháin

Bí ag súil le neart fuinnimh ó Shéamus Barra aka Súil Amháin. Tá idir cheol agus fhilíocht á scríobh aige agus ar fad i mblas álainn Muimhneach. Más fearr leat filíocht scríofa seachas curtha le ceol, is fiú go mór cóip dá chnuasach Beatha Dhónaill Dhuibh a fháil.