Labhair muid le Damien Ó Dónaill, duine de thráchtairí agus craoltóirí spóirt a bheidh ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Chártha, Dún na nGall le linn an deireadh seachtaine fada.
Dúirt Ó Dónaill go bhfuil sé ar bís go bhfuil an comórtas peile ar ais i nDún na nGall agus go bhfuiltear ag súil le hardchaighdeán peile uathu siúd a bheidh i láthair. Deir sé go dtugann an Comórtas tacaíocht don Ghaeilge sa cheantar agus go tchítear dó go ngríosann sé daoine áitiúla a bheith bródúil as an nGaeilge atá acu agus í a úsáid.
Tá bratacha áitiúla agus dár ndóigh, bratacha Dhún na nGall ar foluain sa cheantar agus iad ag ullmhú don deireadh seachtaine fada peile. Ag caint ar chúrsaí peile i nDún na nGall, dúirt Damien gur baineadh steangadh as lucht tacaíochta Dhún na nGall nuair a fuair Contae an Dúin an ceann is fearr orthu roinnt seachtainí ó shin, tá an bród agus an misneach ar ais sa lucht leanta ó bhuail siad Ciarraí ag an deireadh seachtaine. Beidh cuid den bhród sin le taispeáint ag an gComórtas, dár leis.
Dár ndóigh, is í an Ghaeilge teanga labhartha an chomórtais agus deir Damien go gcuirfidh an comórtas leis an mborradh faoin nGaeilge i gCill Chártha le thart ar dheich mbliana anuas, borradh a shíleann sé, atá ag teacht ón aos óg sa cheantar.
Contae mór peile é Dún na nGall agus deir Damien go gcuireann foirne áirithe le hatmaisféar agus caighdeán an chomórtais, cuir i gcás, Gaoth Dobhair a bheidh páirteach agus a mbeidh lucht tacaíocht mó agus glórach leo.
Tagann foirne as ceantair Ghaeltachta chomh maith le foirne eile atá ag úsáid na Gaeilge mar theanga an chlub. Tá Damien ag súil go mór le Cumann Caide na Gaeltachta a bheidh ag taisteal ó Chiarraí go Dún na nGall don chomórtas, foireann a bhuaigh an Craobh Idirmheánach na hÉireann i mbliana.
Beidh an t-aicsean, an chraic agus an spraoi ar fad le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craolfar os cionn 30 uair an chloig d'ábhar beo ar an Raidió, ón gcéad chic go dtí go mbronnfar Corn an Aire ar an bhfoireann chaithréimeach tráthnóna Dé Luain.
Imreoidh clubanna ó Ghaeltachtaí na tíre chomh maith le clubanna ó Bhaile Átha Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.
Beidh Ródaí RnaG ag Páirc Tamhnaigh, Cill Charthaigh don deireadh seachtaine ar fad, agus beidh tráchtaireacht bheo ó na páirceanna ar fad le cloisteáil ó mheitheal spóirt an Raidió. Beidh gach cor agus cúiteamh á gclúdach acu go dtí go séidfear an fheadóg dheireanach sa bhabhta ceannais.
Cuirfidh Barrscéalta, arna chur i láthair ag Michelle Nic Grianna beo ó Chill Charthaigh tús leis na craoltaí seachtracha ar an Aoine 29 Bealtaine ag 11r.n. Beidh clúdach ar na cluichí ón Satharn 30 Bealtaine ag 11r.n. agus leanfaidh sé ar feadh an lae go dtí 9i.n.
Ar an Domhnach 1 Meitheamh ag 11.00r.n., craolfar Aifreann an Domhnaigh beo ó Theach Pobail Chill Charthaigh. Ansin, ó 11.45r.n. - 9i.n., craolfar cluiche ceannais idirmheánach shóisir na mban, mar aon le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear.
Cuirfear clabhsúr leis an gComórtas ar an Luan 1 Meitheamh, le tráchtaireacht bheo ar an gceithre chluiche ceannais i gcomórtais na bhfear agus na mban, idir shinsir agus shóisir ó 9.55r.n. - 6i.n. Bronnfar Corn an Aire ar bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Sinsir na bhFear an tráthnóna sin.