skip to main content

Mná tí ag cur fáilte mhór roimh thacaíocht bhreise

Labhair urlabhraí na mná tí i nDún na nGall, Máire Uí Choilm ar an gclár Barrscéalta faoin dea-scéala a fuarthas le déanaí go mbeidh ardú pá ag teacht chucu i mbliana.

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary go mbeidh ardú ó cheithre euro déag agus caoga cent go sé euro déag in aghaidh na hoíche, a íoctar le mná tí sa chontae atá ag cur lóistín ar fáil do scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Dúirt an t-urlabhraí go dtugann an t-airgead seo aitheantas do mhná tí as a gcuid oibre ach deir sí freisin go bhfuil an costas maireachtála fós ag cur isteach orthu. Cuireadh fáilte roimh na deontais ach tá níos mó le déanamh, a deir Uí Choilm.

Michelle Nic Grianna
Michelle Nic Grianna, láithreoir Barrscéalta

Tá na mná tí ag troid ar son na tacaíochta seo le fada an lá ach deir Máire go síleann sí anois go dtuigeann an Roinn nach mbeidh coláistí samhraidh ann don aos óg murach na mná tí seo. Dúirt sí gur a mhalairt de scéal a bhí ann ar feadh i bhfad nuair nach raibh tacaíocht ar bith ag teacht ón Roinn agus nach raibh cúrsaí cumarsáide go maith eatarthu ach go gcreideann Uí Choilm go bhfuil siad ar bhóthar a leasa anois.

Mhínigh Máire go raibh an baol ann nach mbeadh daoine nua ag teacht isteach sa ghnó níos mó nuair nach raibh tacaíocht ann dóibh ach anois go n-aithníonn sí go bhfuil teaghlaigh nua ag teacht isteach sa chóras. Tá athruithe ag teacht ar an tslí go n-oibríonn laethanta na mban agus na bhfear tí agus tá deis anois ag daoine scoláirí a choinneáil agus a bheith amuigh ag obair, rud nach dtarlódh roimhe seo.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.