skip to main content

Feachtas dearfach agus foireann láidir: Bua Sheán Kyne

Fine Gael candidate Sean Kyne celebrates with Tanaiste and Fine Gael leader Simon Harris
Seán Kyne

Labhair Seán Kyne, an polaiteoir nua-thofa i nGaillimh Thiar ar an gclár Adhmhaidin faoin suíochán a bhíodh ag an Uachtarán Connolly.

Dúirt Seán Kyne, iar-Aire na Gaeltachta go raibh 'fhios aige go mbeadh sé dúshlánach an suíochán a bhuachaint toisc gur chaill sé a shuíochán sa bhliain 2024. Luaigh Kyne go raibh feachtas 'dearfach' aige agus go raibh foireann láidir sa Dáilcheantar agus níos faide i gcéin. Ghabh sé buíochas leo siúd a thacaigh leis agus dóibh siúd a chaith vóta ar a shon freisin.

Seán Kyne, Tanaiste Simon Harris greet each other outside Galway West count centre

D'éirigh go maith le Kyne sna haistriúcháin agus dúirt sé go síleann sé gur a spiorad comhoibrithe a chabhraigh leis le Gaillimh Thiar a chur chun cinn. Beidh Kyne ag filleadh ar an Dáil agus é ag iarraidh tograí ar nós cuarbhóthar na Gaillimhe a bhrú ar aghaidh agus tuilleadh infheistíochta don cheantar a mholadh, a deir sé.

Dúirt Kyne go raibh neart foghlamtha aige ón uair gur chaill sé a shuíochan agus go raibh air a shúil a choinneáil ar chúrsaí sa dáilcheantar i nGaillimh Thiar seachas am a chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus nach ndéanfadh sé sin arís.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.