skip to main content

Dearcthaí i leith na Gaeilge: Níos mó spéise, níos lú cainteoirí

Labhair Cóilín Ó Floinn, duine d'údair na tuarascála An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025: Cumas, Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ghlac 1000 duine ó dheas agus nach mór 500 ó thuaidh páirt i suirbhé faoi dearcthaí i leith na Gaeilge. Dúirt Cóilín Ó Floinn, Ollamh Cúnta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Trionóide.

Sa tuarascáil seo, déantar anailís ar dhearcthaí comhaimseartha i leith na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann bunaithe ar shonraí ó shuirbhé ionadaíoch ar an mórscála a rinneadh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i samhradh na bliana 2025. Tugadh faoin tuarascáil seo d'fhonn cur lenár dtuiscint ar dhinimic shochtheangeolaíoch na Gaeilge sa dá dhlínse tráth a bhfuil forbairtí suntasacha beartais ag teacht chun cinn agus plé ag leanúint ar aghaidh ar a bhfuil i ndán don teanga.

Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a stiúraigh An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 d'Fhoras na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i rith Shamhradh 2025. Tá an taighde seo bunaithe ar agallaimh aghaidh-ar-aghaidh le 1,498 duine fásta (1,000 i bPoblacht na hÉireann, 498 i dTuaisceart Éireann). Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir ar cheistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970í i leith, agus a oiriúnaíodh chun Tuaisceart Éireann a chur san áireamh agus chun comhthéacs beartais agus sochaí an lae inniu a léiriú.

Dúirt Ó Floinn gur léirigh an taighde seo go bhfuil an cumas atá ag daoine an teanga a labhairt íslithe beagnach 10% ón taighde deireanach sa bhliain 2013. Luaigh sé freisin go bhfuil 9% de na daoine a bhfuil Gaeilge acu á labhairt go laethúil ó dheas. Tháinig fás ar an uimhir sin ó thuaidh ón taighde deireanach ó 1% go 4%.

Mhínigh Ó Floinn gur tois tábhachtach a bhí ann go raibh an Ghaeilge ag daoine agus iad ag fás aníos gur chiallaigh sé go raibh i bhfad níos mó de sheans ann go labhrófaí an teanga agus iad ina ndaoine fásta.

Ó dheas, dúirt 78% de dhaoine go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge, sin beagnach 10% níos mó ná mar bhí sa bhliain 2013. Ó thuaidh, dúirt 55% de dhaoine go raibh siad tacúil leis an teanga, sin beagnach 10% níos mó ná sa taighde deireanach.

Tá an foilseachán seo ar an tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde is seanbhunaithe ar dhearcthaí an phobail ar oileán na hÉireann i leith na Gaeilge agus cuireann sé léargas uathúil agus mionsonraithe ar fáil ar dhearcthaí reatha an phobail agus ar chumas teanga ar oileán na hÉireann, rud a fhágann gur féidir staitisticí a bailíodh tuairim is gach deich mbliana le leathchéad bliain anuas maidir le dearchtaí agus cumas an phobail i leith na Gaeilge, chomh maith leis an úsáid a bhaineann siad aisti, a chur i gcomparáid le chéile.

Seachtain na Gaeilge x TikTok

Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán ó Coinn:

Ar an iomlán léiríonn an taighde seo bonn láidir tacaíochta don Ghaeilge ar fud an oileáin, agus beidh Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe sa dá rialtas agus leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge leis an phróiseas seo a neartú, agus le leathnú a dhéanamh ar úsáid laethúil na teanga, agus ar dheiseanna le Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú.

Tugann an taighde léargas dearfach ar thuairimí an phobail i leith na Gaeilge ó dheas agus i measc freagróirí a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu sa Tuaisceart – grúpa go ginearálta a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach, Aontachtach agus Dhílseach acu. Toradh dearfach a bhfuil feabhas mór air ó shuirbhé 2013.

Mar sin féin tá dúshláin romhainn ó dheas: Thug 50% de fhreagróirí ó dheas agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7% níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013. Léiríonn sé seo gá práinneach leis na torthaí foghlama don Ghaeilge inár scoileanna a fheabhsú.

Colin J. Flynn agus Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne an staidéar i gcomhar le Ipsos B&A. Ba é Colin J. Flynn chéad údar na tuarascála seo. Is Ollamh Cúnta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach é i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ba é Noel Ó Murchadha an Príomhthaighdeoir sa tionscadal seo. Is Ollamh Comhlach é san Oideachas Teanga i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6