Labhair Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an gclár Adhmhaidin faoin eolas a tháinig chun solais ón suirbhé tithíochta a rinne Údarás na Gaeltachta le deireanas, agus deis ag an bpobal a dtuairimí a roinnt faoin bplean straitéiseach atá a fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2026-2030.
Dúirt 54% de na daoine a d'fhreagair an suirbhé nach raibh siad in ann teach a cheannach nó a fháil ar cíos sa Ghaeltacht. Dúirt 67% go mbéidís sásta taisteal suas go huair a chloig chuig an obair dá mbeadh teach ar fáil dóibh i gceantar Gaeltachta.
Dúirt Tomás go raibh an tÚdarás ann le tacú agus éascú leo siúd atá ag streachailt le lucht labhartha na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Luaigh sé freisin, áfach, nach aon chur chuige amháin a réiteodh na fadhbanna a bhí roimh mhuintir na Gaeltachta mar nach ionann na dúshláin, cuir i gcás na hoileáin, dúirt sé go raibh ar an Údarás a bheith ag obair i bpáirt leis na geallshealbhóirí eile chun cothrom na féinne a chinntiú do na hoileánaigh.
Tá go dtí amárach, 22 Bealtaine ag daoine a dtuairimí maidir le Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta a roinnt leo anseo.