An tseachtain seo, beidh fothoghcháin ar siúl i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Lár le dhá shuíochán a líonadh. Ag eascairt as an mbéim a cuireadh ar an nGaeilge i bhfeachtas Catherine Connolly, tá an Ghaeilge ag dó na geirbe go háirithe i nGaillimh Thiar, sa Ghaeltacht.
De réir pobalbhreith atá déanta ar an dá thoghcheantar, is cosúil gur an costas maireachtála agus cúrsaí tithíochta atá ar an gcloch is mó ar an bpaidrín ag formhór na ndaoine a bheidh ag caitheamh vóta an tseachtain seo.
É sin ráite, tá cuid mhór daoine a bheidh ag caitheamh vóta ag cur na ceiste faoi ról na Gaeilge sna feachtais agus seasamh na bpolaiteoirí ar an teanga freisin. I nGaillimh Thiar, tá brú breise ann toisc gur sa Ghaeltacht atá cuid den toghcheantar.
Mar a tharlaíonn, tá an fothoghchán seo ag líonadh suíochan Catherine Connolly i nGaillimh Thiar agus Pascal Donoghue i mBaile Átha Cliath Lár.
Mhaigh ceannaire Shinn Féin go bhfuil Gaeilge ag iarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Gaillimh Thiar agus go mbeadh sé ábalta páirt a ghlacadh i ndíospoireachtaí agus agallaimh a dhéanamh cé nach bhfuil Gaeilge líofa aige.
Phléigh painéal ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an maíomh seo agus ceist na Gaeilge sna fothogcháin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dhá thoghcheantar an-éagsúil iad Baile Átha Cliath agus Gaillimh Thiar maidir le fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus de réir an taighde, bíonn líon na ndaoine a chaitheann vóta i mBaile Átha Lár an-íseal.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences