skip to main content

An mháthair a lig na maidí le sruth

sample caption

Scríobhann Siún Ní Dhuinn faoina taithí ag filleadh ar an obair i ndiaidh 'saoire' máithreachais.

'Táimid damanta, a dheirféaracha', a scríobh Nuala Rua Ní Dhomhnaill agus is minic mé ag cuimhneamh ar fhírinne shearbh na líne sin.

Tá mé breis agus bliain ar ais ag obair ó shaoire máithreachais. Cé go bhfuil an bhliain curtha díom, cuireann an téarma 'saoire máithreachais' olc orm, fós. Labhair le haon bhean a thóg tréimhse ón obair le páiste a thabhairt ar an saol agus a thógáil agus iarr orthu an cur síos beacht atá ann ar an tréimhse sin go gcloise tú a bhfreagraí. Gach seans go mbeidh ort a bheith i do shuí don fhreagra seo.

Rith sé liom go gcloiseann muid go leor faoin tréimhse iarbhreithe sin atá corraitheach, scanrúil, álainn agus a thiontaíonn do shaol bun os cionn agus droim ar ais. Nó, sin mar a bhí i mo chása, pé scéal é.

Nuair a fhilleann na máithreacha seo ar ais ag obair, áfach, is cosúil gur binn béal ina thost. Rinne mé roinnt machnaimh ar an ábhar íogair, pearsanta seo agus creidim nach gcloiseann muid mórán faoi mar go bhfuil muid ar fad ag iarraidh an bóthar nua seo a shiúl, gan mórán de threoir.

Ó mo thaithíse de, níl mórán máithreacha ann atá ag iarraidh filleadh ar obair lán-aimseartha ach nach bhfuil mórán de rogha ann dóibh. Chuala agus cloisim fós máithreacha ag caint faoin socrú idéalach; a bheith ag obair, ach ní go lán-aimseartha. Sa tslí sin, tá am ann le d'fhéiniúlacht féin a aimsiú arís, neamhspleáchas airgeadais a bheith agat ach gan do pháiste a thabhairt do dhuine eile le haire a thabhairt dóibh.

A touching moment as a mother helps her daughter get ready for school, embodying care, love, and support. Outdoors, highlighted by warm morning light and a cheerful atmosphere, this image captures family togetherness.

Níl an socrú sin ar fáil ach d'fhíorbheagán daoine, faraor. Filleann formhór na ndaoine ar an obair mar a bhí sular tháinig an páiste ar an saol agus bítear ag súil leo feidhmiú mar a bhí. Tá rialacha a bhaineann leo siúd atá fós ag cothú a bpáistí ach seachas iad siúd, tá muid ag brath go huile agus go hiomlán ar an timpeallacht oibre ina bhfuil muid ag obair agus an cultúr atá cothaithe ann.

Bíonn caint ar 'thuismitheoireacht os ard', a chiallaíonn gur cheart dúinn a bheith ionraic faoi na cúraimí eile atá orainn (fir agus mná) lasmuigh den phost a chabhródh linn ar fad ach feictear dom go seo ar fad doiléir agus go bhfuil gá le struchtúr tacaíochta dá leithéid. Más máthair thú a chuaigh ar ais ag obair, tá gach seans ann go bhfuil tú ag déanamh do dhícheall ligint ort féin go bhfuil tú in ann feidhmiú mar a bhí nó b'fhéidir ar leibhéal níos airde, ar eagla go gceapfadh éinne gur lig tú na maidí le sruth.

Ní fheictear dom go bhfuil aon réiteach soiléir ann, níl an saol oibre in oiriúint dóibh siúd a theastaíonn solúbthacht uatha. Ach más máthair tusa nach féidir leo greim a choinneáil ar na maidí, níl tú leat féin. Bímís damanta le chéile.