Sheol an tAire Dara Calleary an togra nua náisiúnta fiontraíochta Gaeilge 'Todhchaí' go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath a thacóidh le fiontraithe an Ghaeilge a úsáid. Tionscnamh comhoibrithe é seo idir Gaeilge 365, Údarás na Gaeltachta agus An Mhol Dhigiteach i mBaile Átha Cliath.
Ag labhairt ar an togra, dúirt Clárbhainisteoir Gaeilge 365, Dáithí De Buitléir ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil 'Todhchaí' ag tógáil ar an spéis mhór atá léirithe sa teanga chomh maith leis na dualgais reachtúla atá tagtha i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas.
Ag míníu Todhchaí, deir De Buitléir gur clár forbartha agus tacaíochta é seo d'fhionraithe le Gaeilge deiseanna a thapú.
Chuaigh Cearbhall Ó Síocháin, tuairisceoir le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chuig an ócáid seolta agus labhair sé le fiontraithe le Gaeilge a mhínigh an tábhacht a bhain lena leithéid de chláir. Labhair sé le Seán Greif, bunaitheoir Moontour, gnó a dhíríonn ar scileanna agus cumas teanga a fheabhsú tríd spórt uisce, Mary Uí Choileáin, Comhairleoir cibearshlándála atá lonnaithe i nGaeltacht Mhúscraí agus Loretta Ní Ghabháin, bunaitheoir, Lorg Media, gnó cumarsáide a thacaíonn le go leor gnóanna trí Ghaeilge
Le níos mó eolais a fháil faoin togra, féach anseo