Tá RTÉ ag comóradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn i mbliana, agus mar chuid den chomóradh speisialta seo tá Cóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag lorg na hamhráin Ghaeilge is ansa lenár n-éisteoirí dílse!
Labhair muid le Dónall Mac Ruairí faoi chultúr chomhaimseartha an cheoil agus faoi na hamhráin is ansa linn.
Tá borradh tagtha ar cheird na n-amhránaíocht le tamall de bhlianta anuas. Cad is cúis le seo, i do thuairim, mar chraoltóir ceoil?
Is cinnte go bhfuil, is cine muid a raibh meas againn ariamh anall ar an scéal agus is beag áit a bhfuil scéal gan athrú go flúirseach le sonrú mar atá inár n-amhrán. Tá meas as cuimse ar an cheol tradisiúnta ach dá fheabhas é bíonn an chluas i gcónaí sa tóir ar amhrán. Théid amhrán go croí ionainn, bíonn amhrán a bhfuil meas againn ar ar iompar linn i gcónaí agus tuigeann ceoltóirí sin agus tá an mhian sin in achan chumadóir ar a laghad ceann maith amháin a chumadh ina saol. Tá ardáin go leoir anois ag ceoltóirí agus cumadóirí i bhfad níos mó ná mar a bhí agus measaim go bhfuil na amhránaithe féin ag spreagadh a chéile. Tá siad ag tógáil ar obair a chéile agus tuigeann siad go bhfuil meas ar an cheird atá a chleachtadh acu.
Dár ndóigh, tá Dún na nGall lán le ceol agus le hamhráin cháiliúla, cad iad na hamhráin áitiúla is fearr leatsa?
Chuir tú ceist anois orm! Tá an ceart ansin agat, agus nach maith dúinn gur mar sin atá. Ní hamháin go bhfuil an contae lán d'amhráin ach tá leaganacha éagsúla de na hamhráin sin i mbailte fearainn éagsúla, ach le freagra a thabhairt ar do cheist bhí mo chroí istigh riamh agam san Saighdiúir Tréighthe. Tá doimhneacht, paisean, brón agus briseadh croí in achan véarsa, leoga go minic in achan líne. Tá mé anois ar an chlár sa tóir ar an amhrán is ansa linn agus ní mian liom barraíocht de mo rogha féin a lua anseo, idir sean chinn agus amhráin níos úire nó ba dheas liom go dtiocfadh na héisteoirí a fhad linn agus na hamhráin cháiliúla a bhfuil meas acu féin orthu a chur chun cinn agus ba dheas liom fáil amach cad chuige a bhfuil an t-amhrán sin a chur chun cinn acu.

An bhfuil tú den tuairim go mbeidh an iomaíocht ghéar don amhrán is ansa linn?
Níl dabht ar bith agus mheasfainn go gcruthóidh sé díospóireacht agus conspóid fiú. Tá ár néisteoirí fá choinne achan amhrán a bhí le cluinstin riamh ar RTÉ RnaG a chur in iomaíocht le chéile agus a Dhia tá saibhreas iontach ansin agus is deas liomsa nach bhfuil mise i mbun moltóireachta.
Cad iad na ceoltóirí agus na hamhránaithe atá gar do do chroí, faoi láthair?
Nach greannmhar bhain Séamus Tansey deor asam inniu, d’ardaigh Rónán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly mo mhisneach gan mhoill ina dhiadh sin chur Jessie & the veil a mheabhrú mé agus aréir chealg Ryan Molloy a chodladh mé go suaimhneach. Tá an oiread éagsúlacht ann agus tá mo chroí meallta ar fud na tíre go seachtainiúil. Níl dóiche go raibh ceol na nGael chomh láidir riamh agus atá inniu.
An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt dúinn faoin na hamhráin a shíleann tusa a bheidh ag barr an liosta?
Thiocfadh liom cinnte! Ach níl mé fá choinne sin a dhéanamh. Ba dheas liom go dtiocfadh seo ónár n-éisteoirí. Is éisteoiri iad a bhfuil meas agus tuigbheáil acu ar na hamhráin idir sean agus úr. Fágfaidh mé acu féin é seasamh go cróga leis an amhrán is ansa leo. Bain úsáid as do ghlór ná bí fágtha ar an trá fholamh ag mairgní!
Tá Cóisir Cheoil ag lorg bhur gcuid moltaí chun liosta de na 30 amhrán Gaeilge is fearr leis na Gaeil a chur le chéile agus tugann muid cuireadh d'éisteoirí an t-amhrán is ansa libh a insint dúinn.
Déanfaidh painéal moltóirí, ar saineolaithe ar an gceol Gaelach iad scagadh ar na moltaí uilig agus fógrófar an liosta ar Cóisir Cheoil.
Tá go dtí an 10ú Meitheamh ag éisteoirí chun an traic is ansa leo a chur ar aghaidh.
Chun do mholadh a chur san áireamh, téigh chuig rte.ie/amhranRnaG agus insigí dúinn cén t-amhrán is ansa leatsa.
Is féidir an feachtas a leanúint ar na meáin shóisialta chomh maith agus do rogha a roinnt @rternag #AmhránRnaG.