skip to main content

'It's a miracle that we have the language — use it.' David Keenan

Craolfar an clár faisnéise David Keenan – Focla ar Chanbhás, a bhfuiltear ag súil go mór leis agus a stiúir Paddy Hayes, Dé Céadaoin an 13 Bealtaine ag 9.50pm go heisiach ar TG4.

Labhair David Keenan le Oliver Callan ar a chlár ar RTÉ Radio One faoi phróiséas an cheoltóra chomh maith le scannán a chruthú faoina chuid ceoil.

Tugann David, a bhfuil cáil air as a chuid liricí cumhachtacha agus a thaispeántais chorraitheacha bheo, cuireadh dúinn spléachadh a fháil ar a shaol trí fhocail agus é ag filleadh ar an stiúideo chun ceol nua a chruthú.

Keenan, originally from Dundalk says the film looks at him as an artist after a successful first album and the 'comedown, the corporate side of music and the bubble being burst'. Keenan said he was carrying a lot of shame and the film allowed him to express and release these feelings.

Dar le Keenan, tá sé an éasca an t-olc a chur in iúl, níl sé chomh héasca sin áfach sin a dhéanamh leis an ngoilliúnacht, é ag cur dhoimhneacht mhothúchánach an aistir, a gabhadh ar an scáileán, in iúl.

Keenan attended a Gaelscoil in Dundalk and says there was a padlock on his throat but he unlocked it during the filming, describing the process as a 'rebirth', of sorts.

Oliver Callan and David Keenan
Oliver Callan agus David Keenan

I gcaitheamh 500 lá, tugtar léargas ceart in Focla ar Chanbhás ar an bpróiseas cruthaitheach atá aige, ar na dúshláin a bhaineann le do bhealach a dhéanamh i dtionscal an cheoil, a bhíonn ag síorathrú, agus ar chomh deacair is atá sé a bheith dílis duit féin sa ré seo atá go mór faoi thionchar na n-algartam agus na blues.Ní clár faisnéise é an scannán seo faoi aon amhránaí amháin - is machnamh é ar cheird an amhránaí, portráid ábhartha ar thuas seal thíos seal an léirithe ceoil.

Dúirt Keenan go raibh an chuma air go raibh ag éirí go hiontach le Keenan mar cheoltóir ach deir sé go raibh sé tábhachtach go léireofaí an taobh eile den saol freisin. Dúirt Keenan go ndeachaigh filí agus ceoltóirí áitiúla i bhfeidhm air, leithéidí Jinx Lennon agus Damien Dempsey agus gur chabhraigh siad leis a chosán féin a shiúl.

Tá míreanna macánta, taibhléirithe cumhachtacha agus tráthanna pearsanta tochtmhara snoite le chéile go cumasach ag an stiúrthóir Paddy Hayes agus tá clár faisnéise tumthach cruthaithe aige a fhágfaidh a lorg agus a rachaidh i gcion go mór ar an lucht féachana. Is scannán de chuid Ildána é David Keenan – Focla ar Chanbhás atá maoinithe ag TG4 agus ag an gComhairle Ealaíon.

Focla ar Chanbhas, Dé Céadaoin an 13 Bealtaine ag 9.50pm ar TG4