Labhair Megan Nic Fhionnghaile, fidléir agus aisteoir le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scannán nua, Trad atá sna pictiúrlanna faoi láthair.
Is as Gaoth Dobhair do Megan agus tá an ceol go smior inti anois agus deir sí go raibh cosúlachtaí idir í féin agus an caractar, Shona Mc Nally sa tslí 's nach raibh siad ag iarraidh an ceol a chleachtadh agus iad ag fás aníos ach gur fhill siad beirt air.
Deir Megan go bhfuil an caidreamh atá ag Shona lena máthair, mar a thugann sí 'Fleadh Mammy', téarma atá cosúil le 'momager' sa Bhéarla. Deir Megan go bhfuil taobh sóisialta iontach a bhaineann leis an ceol agus gur sin a thug ise agus Shona ar ais chuig an gceol.
Labhair Lance Daly agus Megan Nic Fhionnghaile faoi TRAD ar Arena ar RTÉ Radio One
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Seo an chéad ról do Megan a bheith ag aisteoireacht agus tá sí sa phríomhról. Deir sí go raibh sé deacair uirthi a bheith os comhair an cheamara ag an tús ach go ndeachaigh sí i dtaithí ar an obair le tacaíocht ó Lance Daly.
Dúirt Lance gur tábhachtaí an ceol ná an aisteoireacht dó sin agus gur sin an chúis gur roghnaíodh Megan. Mhol Edwina Guckian, rinceoir, Megan do Lance nuair a bhí sé ag cuartú aisteora don phríomhról sa scannán.
Bhain TRAD Duais an Lucht Féachána ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe.
Tá Trad le feiceáil sna pictiúrlanna ón 8 Bealtaine