Scríobhann Cian Ó Griallais faoi Chluichí Cheannais na gCúigí atá ag teacht aníos agus an méid atá foghlamtha againn faoin mbliain eisceachtúil seo.
Scríobh mé píosa mí ó shin agus an cheist a bhí agam ná an mbeidh craobh againn a bheidh chomh maith le craobh na bliana seo caite? Shíl mé go mbeadh orainn fanacht go dtí ar a laghad na cluichí ceathrú ceannais chun an cheist sin a fhreagairt. Níl ach 25 chluiche imeartha go dtí seo agus sílim go bhfuil freagra againn. Tá muid tagtha ag cluichí ceannais na gcúigí agus tá torthaí tar éis teacht aniar aduaidh orainn, tá scéalta den scoth againn, agus tá foirne ar tí stair a bhaint amach.
Tosóidh muid san áit ar chríochnaigh mé an t-alt deireanach - Cúige Laighean. Is anseo a bhfuair muid an chéad mhórscéal den chraobh - an Mhí buailte i gcoinne a gcomharsan, an Iarmhí, don dara huair riamh sa gcraobh. Don Iarmhí, scéal speisialta don lucht leanta, don fhoireann, agus dá mbainisteoir óg Mark McHugh. Tar éis dóibh Cill Dara a bhualadh sa chéad bhabhta eile is é Páirc an Chrócaigh anois a dtriall agus iad ag iarraidh Corn Delaney a chrochadh leo don dara huair riamh. Bhuaigh siad a gcéad cheann i 2004. Cuireadh deireadh le gorta mór an Lú anuraidh. An dtiocfaidh deireadh le ceann eile i mbliana?
Ag seasamh ina mbealach, áfach tá na Dubs. Scaoileadar le Corn Delaney don chéad uair ó 2011 anuraidh agus ba mhór dóibh a léiriú nach bhfuil deireadh tagtha leis an ré órga fós. Níor thacaigh siad leis an teachtaireacht sin sa gcéad chluiche i gcoinne Chill Mhantáin ach le taispeántas údarásach i gcoinne an Lú, cuireadh amach teachtaireacht shoiléir. Bhí Kilkenny ar ais, bhí Cormac Costello mar laoch na himeartha ach ní raibh Con ann cé go raibh sé ainmnithe. Beidh le feiceáil an éireoidh le cianbhainistíocht Ger Brennan píosa eile. Dá n-éireodh, céard é an uair dheireanach gur bhuaigh bainisteoir dhá chraobh chúige as a chéile le dhá chontae éagsúla.
Ní aon scéal nua é go bhfuil craobhchomórtas Uladh iomaíoch. Bheifeá ag súil le roinnt torthaí aisteacha ann agus fuair muid cinnte iad. Bualadh seaimpíní Uladh agus curaithe Roinn 1, Dún na nGall, ina gcéad bhabhta i gcoinne an Dúin. Ní raibh an dara dris chosáin in an Dún áfach agus iad imirt i gcoinne Ard Mhacha. Tá Ard Mhacha tríd go dtí cluiche ceannais Uladh tar éis dóibh 5-65 sa dá chluiche dheireanacha a scóráil. Tá fir Kieren McGeeney ag barr a maitheasa cinnte. Tá tine ar chraiceann ag Jarly Óg, Conaty agus Turbit, agus d'fhéadfainn tuileadh a luadh. Tá cros Cheilteach ina bpóca ag go leor den fhoireann ó 2025, ach níl an corn Anglo-Celt buaite acu ó 2008, agus is mórsprioc í.
Is iad Muineachán a bheidh ina n-aghaidh. Foireann a tháinig ar ais ó easnamh 12 phointe sa gcluiche leathcheannais i gcoinne Doire. Aibhseoidh na buaicphointí dá chic míorúilteach chun an cluiche a chur go ham breise agus chun an cluiche a bhuachan ag deireadh an chluiche ach is minic nach n-insíonn buaicphointí an scéal ar fad. Mar a dhéanann foirne Mhuineacháin, léirigh siad diachas agus croí ar leith. Déan dearmad ar a bhfeachtas sraithe. Tá imreoirí tábhachta tar éis filleadh agus ag cur lena ndul chun cinn. Imreoirí ar nós Stephen Mooney agus Conor McCarthy. É sin ráite teastóidh tuilleadh feabhais chun buachaillí Ard Mhacha a bhualadh.
An deireadh seachtaine seo rachaidh buachaillí na Gaillimhe go Páirc de hÍde agus iad sa tóir ar an gcúigiú Nestor Cup as a chéile. Ní raibh siad iontach i gcoinne Liatroma, ach ar nós na Dubs seans go gcuirfidh sé sin borradh fúthu agus iad ag réiteach don chluiche seo. Rud dearfach do Ghaillimh bhí Shane Walsh agus Damien Comer ar an bpáirc ag deireadh an chluiche. Rud diúltach áfach, i bpaiste 10 nóiméad, thit an tóin ar fad as ciceanna amach na Gaillimhe agus thug siad leathsheans d’fhoireann Liatroma teacht ar ais sa gcluiche. Beidh foireann Liatroma den tuairim gur cheart dóibh a bheith ag réiteach don chluiche seo, ní don Dún i gCorn Tailteann.
Bhain Ros Comáin ceann de thorthaí na craoibhe amach nuair a bhuail siad Maigh Eo le deich bpointe i gCaisleán an Bharraigh. Ní raibh na Rossies gan mhuinín ach cinnte níor cheapadar go mbeadh an méid sin ann sa deireadh. Bhí taispeántas spleodrach acu sa dara leath lena gceannairí Enda Smith agus Diarmuid Murtagh ina máistrí agus imreoirí eile ar nós Darragh Heneghan cinniúnach.
Chun cur leis sin tá neart imreoirí móra le filleadh ar an bhfoireann. Bhí Daire Cregg ar fionraí agus cinnte beidh sé ag imirt, ach chomh maith leis sin bhí siad gann ar Brian Stack agus Ruairí Fallon. An bhfeicfidh muid dream Naomh Bríd ag an deireadh seachtaine? Ní bheadh a fhios agat ach cinnte beidh cluiche iontach ann.
Ar deireadh - Cúige Mumhan. D’éirigh le Ciarraí agus Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar an gClár agus Tiobrad Árann gan mórán stró. Ach tabharfaidh an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais na Mumhan don 73ú huair ag an deireadh seachtaine. Tá rud speisialta faoin stair sin.
Beidh muinín nua sna Rebels tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach sa tsraith agus Tiobrad Árann a chur uathu. Tá an cluiche ar bun i gCill Airne áfach, agus i 2021 ní raibh mórán do chluiche ann. Níor bhuaigh Corcaigh cluiche ceannais ann ó 1995. An féidir leo beagán staire a scríobh ag an deireadh seachtaine? Beidh siad ag brath ar phointí dúbailte agus an luas atá go smior acu. Seans nach bhfuil an cluiche ciceála acu chomh maith agus a bheidh ag Ciarraí ach seans go ndéanfaidh siad iarracht plean McGuinness a chóipeáil.
Ní bheidh sé éasca dóibh. Seans gur osclaíodh súile buachaillí na ríochta i gcluiche ceannais na sraithe. Ní minic a bheirtear orthu faoi dhó. Tá gortaithe ag cur isteach ar fhoirne leis an gcluiche nua seo ag baint go leor as imreoirí gan mórán deis scíthe. Is fíor é sin faoi Chiarraí gan dabht. Drochsheans go bhfeicfidh muid Seánie Ó Sé, Tom Ó Súilleabháin, Brian Ó Beaglaoich, Dylan Geaney nó Shane Ryan. D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh.
Seans nach ndéarfaidh sé linn é ach tá súile Jack O’Connor ag díriú ar sprioc níos mó agus tá a fhios aige, cuma cén toradh atá ar an gcluiche seo, go mbeidh feachtas crua eile ag teacht gan stad gan staonadh. Mar sin, seans nach mbeidh deifir ar ais ar chuid de na himreoirí sin agus tá fós lán ghlac de réalta acu, an bheirt Clifford ina measc. An dóthain le cluichí a bhuachan agus iad ag barr a maitheasa.
I scéal chraobh na bliana seo, tá caibidil na gcúigí beagnach curtha i gcloch. Níl aon dabht ach go mbeidh na caibidlí atá le teacht chomh maith céanna nó níos fearr. Ar an Luan déanadh an tarraingt don réamhbhabhta do Chorn Sam Mhic Uidhir. Tá scéalta móra ag eascairt as an tarraingt sin, athimirt de chraobh na hÉireann agus cathanna móra in Ulaidh ina measc. Ach ní bheidh mise ag breathnú chun cinn chomh fada sin fós. Táim chun sult a bhaint as na ceithre chluiche mhóra atá le teacht an pé scéal a thiocfaidh astu.