skip to main content

Leabhar na Míosa: Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin

Woman relaxing on the floor, reading a book in her living room with warm sunlight creating a comfortable atmosphere

Gach mí, roghnaítear leabhar mar leabhar na míosa ar RTÉ RnaG. An mhí seo, roghnaíodh, Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin. Labhair muid leis an údar faoin leabhar.

Státseirbhíseach é Proinsias atá ag obair sa Roinn Pobail, Óige, Oidhreachta agus Gaeilge. Tá a spiorad á mhúchadh ag rialú, nósanna imeachta, fasaigh agus coimeádachas coiteann na roinne – gan trácht ar a chuid bainisteoirí. Taobh amuigh den obair, tá sé uaigneach, gan mórán cairde ná compánaigh.

Nuair a cheaptar Aire Stáit nua ar an roinn – bean óg dhathúil, fhuinniúil agus lán le gealladh – agus nuair a roghnaítear Proinsias mar a rúnaí, músclaítear dóchas ann go dtiocfaidh athrú ar a shaol. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá bóthar fada roimhe sula dtuigfidh sé gur faoi féin atá sé barr a chumais a bhaint amach.

Cad a spreag thú leis an leabhar seo a scríobh?

Chaith mé breis is dhá scór bliain ag obair sa státseirbhís. Theastaigh uaim leabhar ficsean a scríobh faoin saol sin a bheadh lonnaithe i Roinn na Gaeltachta.

D'oibrigh mé i roinnt ranna stáit éagsúil. Bhí a chultúr féin ag chuile Roinn - agus fiú ag chuile rannóg. Ach bhí rudaí comónta i chuile Roinn Stáit - go h-áirithe an teannas sa ghaol idir an státseirbhís agus an tAire.

Theastaigh uaim a chíoradh cén chaoi ina théann na rialacha 'neamh scríofa’ san oifig i bhfeidhm ar dhuine uaigneach. Mar shampla, tá ‘Ná bris nós, ná déan nós’ luaite go luath sa leabhar. Is féidir leis an cultúr san ionad oibre seilbh a ghlacadh ar spiorad an duine. Ar ndóigh, baineann sé sin le chuile ionad oibre.

Pléann an scéal seo le caidrimh, cumhacht agus cúrsaí oibre, ábhair atá lárnach sa saol comhaimseartha ach ábhair nach bhfeiceann muid rómhinic in úrscéalta Gaeilge. An ndearna tú sin d'aon turas?

Níor tharla sé sin d’aon turas. Bhí na leabhair a scríobh an tAthair Pádraic Standúin mar ionsparáid agam. Theastaigh uaim leabhar ficsean a scríobh a bheadh so-léite agus a bhainfeadh le uaigneas. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh mo ghrá don amhránaíocht ar an sean-nós mar chuid den scéal.

Theastaigh uaim go mbeadh na riachtanais atá ag duine ina saol oibre agus taobh amuigh den saol oibre lárnach sa scéal - m.s. cairdeas, meas, sásamh sa jab, páirtnéir a aimsiú.

Ceann de na dúshláin a bhí agam ná a bheith ar an airdeall nach mbeadh mo thuairimí féin á chuir chun cinn agam mar chuid den scéal. Is scéal ficsean é seo ach uaireanta bíonn sé níos éasca an fhírinne a insint tríd ficsean.

Tristan Rosenstock
Tristan Rosenstock, láithreoir An Cúinne Dána

An bhfeiceann tú go bhfuil claochlú ag teacht ar chaidrimh le tamall de bhlianta anuas de dheasca na teicneolaíochta?

Is dócha go bhfuil claochlú ag teacht ar chaidreamh cé nach bhfuil tionchar na teicneolaíochta pléighte go díreach sa scéal seo. Ach tá an gá atá ionainn uilig le haghaidh fíor cairdeas clúdaithe sa leabhar.

Cad atá á léamh agat féin i láthair na huaire?

Táim díreach théis ‘Peig’ a chríochnú - leath chéad bliain théis dom é a léamh don Ardteist. Thaitin an dara léamh i bhfad níos mó liom. Táim ag léamh "Rúin Oscailte" leabhar filíochta le Áine Ní Ghlinn agus ag baint an-taitneamh as. Maidir le leabhar Béarla léigh mé ‘Billy Summers’ le Stephen King le déanaí. Cé nach léim saothar King go h-iondúil, thaitin 'Billy'go mór liom - a stíl scríbhneoireachta ach go háirithe .

An bhféadfá cur síos a dhéanamh dúinn ar do phróiséas scríbhneoireachta?

Tá difraíocht mór idir mo shaol reatha mar scríbhneoir agus mo shaol sa státseirbhís. Níl structúr laethúil agam anois agus nílim chomh dírithe. Ach má tá mé ag obair ar thionscnamh le sprioc dáta, bím an-dírithe. Sin nós a tháinig ó mo shaol sa státseirbhís is dócha.

Creidim san ath-scríobh agus ath-scríobh eile ina dhiaidh sin. Sílim go gcaithfear saothar a fhágáil ar leataobh ar feadh tamall agus ansin breathnú air arís as an nua.

Pléifear Rúnaí an Aire ar Thús Áite agus ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo.