skip to main content

Ionadh i ndomhain an daonáirimh

The complete catalogue of the 1926 Census

Scríobhann ár gcolúnaí, Amano De Londra Miura faoina méid a d'fhoghlaim sí faoina teaghlach féin agus na teangacha a labhair siad i nDaonáireamh 1926.

Tá nós uafásach agam mo ghuthán póca a phiocadh suas chomh luath agus a dhúisím ar maidin - ach ní gnáth scróláil a bhí á dhéanamh agam ar an 19ú hAibreán. Bhíos ar bís go raibh lá foilsithe an daonáirimh 1926 tagtha faoi dheireadh.

Tá roinnt míreanna mearaí in easnamh ó scéal muintir mo mháthair críona Síle ach go háirithe. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916 tógadh go príosún Frongach a athair, Peadar. Bhí neart fianaise againn ar a shaol roimhe sin, ach cosúil le teaghlaigh eile fud fad na tíre, fágtar leathnaigh bána ann idir Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad.

Cé go bhfuil na ceisteanna sin fós le freagairt, nach orm a bhí an t-ionadh nuair a léigh mé ainm mo sheanmháthar go breá soiléir ar cháipéis an daonáirimh: 4 mhí ar an saol aici agus a muintir ag cur fúibh níos lú na 30 nóiméad ar siúil ón áit ina bhfuil mé lonnaithe inniu.

Bhíodar ina gcónaí i Marino agus d'oibrigh Peadar mar státseirbhíseach ar atógáil Teach an Chustaim ag an am - fíric fhíorspéisiúil nuair a smaoinítear ar shiombalachas na bhfoirgneamh céanna agus é á dhó ag an IRA go díreach 5 bliana roimhe sin.

Bhí "knowledge of Irish" ag Peadar agus a bhean chéile Molly, ach cosúil le 99% de fhreagróirí an daonáirimh 1926, líonadar an fhoirm i mBéarla. Mar atá an scéal, bhí ainmneacha an teaghlaigh ar fad Béarlaithe acu, rud a bhí fíor aisteach le léamh toisc nár chuala mé riamh trácht ar "Peter" nó "John" i measc mo shinsir Baile Átha Cliath.

Amano De Londra Miura
Amano De Londra Miura

Ar thaobh eile mo dhaoine, ar imeall Daingean Uí Chúis, is léir go raibh an dá theanga ag gach éinne sa tí. B’iontas é seo dom freisin toisc go raibh miotas teaghlaigh ann i gcónaí nach raibh aon Gaelainn ag mo shin-seanmháthair Chiarraíoch mar gur rugadh a máthair féin i Meiriceá.

Tá an bhean sin, mo shin-sin-seanmháithair, Mary, a saolaíodh in 'Unknown, U.S.A.’, taifeadta i líon tí a cliamhain i 1926. Ba bhaintreach í de 72 bliain d’aois ag an am. Bhí a fear céile caillte cheana féin i ndaonáirimh 1911 agus déantar cur síos uirthi sa bhliain sin mar cheann an teaghlaigh, feirmeoir, agus máthair ceathrar - le beirt pháiste fós ina blianta déagóirí. Tuigtear dom gur bhean acmhainneach, láidir agus suimiúil a bhí inti.

Más cruinn iad m’áirimh, rugadh in 1856 í Mary Sullivan in ‘Unknown U.S.A.’, naoi mbliana i ndiaidh na laethanta is dorcha den Ghorta Mhór as a d’éalaigh a muintir. Níl a fhios agam caitheann go díreach a dtáinig sí go hÉirinn don chéad uair, ach tá cuma ar an scéil go bhfuil rud éigin speisialta i bpáirt againn: gur sinne an bheirt ba chóngaraí in amlíne ár ndaoine a rugadh i gcéin ach a dtógadh i gCiarraí.

Bhain mé an méid sin taitneamh as an daonáireamh a bhrabhsáil go rabhas ábhairín éadmhar as gach duine le hoidhreacht lán Éireannach acu!

Tá neart bearnaí fós le fiosrú i dtaobh tréimhse na réabhlóide de, ach caithfidh mé a rá go bhfuil an léargas seo ar mhuintir na hÉireann agus mo ghaolta féin ag tús Saor Stáit na hÉireann i ndiaidh fiosracht agus iontas a mhúscailt ionam. Nach iontach an rud é chun a bheith ag leanúint lorg ár sinsir inár ngnáth saolta laethúla le tuiscint níos doimhne anois ar na daoine a bhí iontu, na dearcthaí a bhí ann i dtaobh an Ghaelainn de, agus na cúinsí as a rabhadar ag tógáil Stáit úrnua?