skip to main content

Cérbh é Patrick M. Foley?

Scríobhann léiritheoir Rian na Fola, Ann Ní Chíobháin faoi Patrick M. Foley, an fear as an Daingean a chuaigh go Meiriceá agus a dúradh a mharaigh an KKK. Leanann Dara Ó Cinnéide a scéal sa chlár Rian na Fola, Dé Luain, an 4 Bealtaine, ag 6.30pm ar RTÉ One.

Nuair a thosaigh mé ag taighde ar Patrick M. Foley, thuig mé go luath nach bhféadfaí a shaol a thuiscint trí aon eachtra amháin ná aon ghnóthachtáil ar leith. Ba shaol é a mhúnlaigh sraitheanna staire, staire a fuarthas le hoidhreacht, a chonaic sé lena shúile féin, agus a mhair sé tríd.

Rugadh Foley sa bhliain 1872 agus tógadh é i gCorca Dhuibhne, i gceantar a bhí fós faoi scáil chuimhne an Ghorta Mór, faoin díbirt agus faoin chorraíl pholaitiúil. Bhí Ospidéal na mBocht i nDaingean Uí Chúis i bhfeidhm le linn a shaoil, bhí cúrsaí talún i gcroílár an phobail, agus bhí cruinnithe polaitiúla mar ghnáthchuid den saol laethúil. Bhí a uncailí go smior páirteach san eagrú náisiúnach, ag óstáil cruinnithe de chuid Conradh na Talún ina dtig agus ag seasamh go poiblí i gcoinne riail na Breataine. Fuair a mháthair bás den tíofóideach agus é fós ina pháiste , taithí luath ar chaillteanas agus ar éagóir a mhothaítear ina chuid scríbhneoireachta ina dhiaidh sin.

Ó aois óg, thum Foley é féin i ngníomhaíocht chultúrtha agus pholaitiúil. Bhí sé go mór chun cinn in Athbheochan na Gaeilge ag am nuair nach raibh cur chun cinn na teanga faiseanta ná sábháilte. Chabhraigh sé le bunú cuid de na chéad chraobhacha den Chonradh i gCiarraí, mhúin sé ranganna Gaeilge saor in aisce, agus rinne sé cás láidir ar son na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta, i bhfad sular tháinig stádas ná gradam leis an teanga.

Faoi thús a thríochaidí, bhí saothair thábhachtacha stairiúla foilsithe aige faoi Iarthar Chiarraí, na Blascaodaí agus Corca Dhuibhne. Phós sé Bridget Lynch sa Daingean sa bhliain 1905 agus bhí beirt pháistí acu. Mar sin féin, sa bhliain 1909, chuaigh sé ar imirce go Meiriceá, a theaghlach óg fágtha ina dhiaidh.

Nochtann a chuid dialann saol suaiteach taisteal, ó Bhostún go California, ó Texas go dtí an Meán-Iarthar, trí Mheicsiceo, Easanna Niagara agus stáit na Mormónach. Ba Mheiriceá í seo a mhúnlaigh an bhochtaineacht, an díláithriú ollmhór daoine, an Toirmeasc, foréigean na mbuíon coiriúil, an moonshine, agus ardú na coireachta eagraithe , ré Bonnie agus Clyde, Pretty Boy Floyd, agus ath-éirí an Ku Klux Klan, ar dhírigh a dara tonn go sonrach ar Chaitlicigh agus ar inimircigh. Agus chuaigh sé trí cheantair a bhí fós faoin tionchar a d'fhág díbirt na bundúchasach, lena n‑áirítear tailte na gCherokee, scriosta ag an Trail of Tears. Mar imirceach Caitliceach Éireannach, mhothaigh sé an naimhdeas oscailte a bhí ann an uair sin, ré ina raibh comharthaí ag fógairt "No Irish Need Apply."

Sa bhliain 1930, i Sallisaw, Oklahoma, dúnmharaíodh Foley ar bhealach thar a bheith brúidiúil lámhachadh agus buaileadh é, agus fágadh a chorp i bhfásach. Níor réitíodh an cás riamh.

Agus mé ag siúl shráideanna Dhaingean Uí Chúis inniu, feicim rudaí atá fós ina seasamh ó aimsir Patrick M. Foley. Tá banna an fife and Drum fós ag máirseáil tríd an mbaile, mar a bhí siad ina ré. Tá an Holy Stone fós ar Príomhshráid an Daingin. Agus anois, tá a lámhscríbhinní féin, anois ar fáil do éinne agus bronnta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag a gariníonacha. Tugann na rudaí seo ar fad le tuiscint dúinn go bhfuil leanúnachas ann. Imíonn na glúnta, ach fanann lorg an ama.

Ní bheadh an saothar seo indéanta gan flaithiúlacht, saineolas agus foighne stairithe áitiúla agus bhaill an phobail i gCiarraí Thiar agus clann Patrick M. Foley, a roinn a gcuid eolais agus a chabhraigh le scéal Patrick M. Foley a thabhairt ar ais chun solais.

Craolfar Rian na Fola Dé Luain, an 4 Bealtaine, ag 6.30pm ar RTÉ One.

Broadcaster and former GAA footballing star Dara Ó Cinnéide travels to the deep south of America in a bid to solve the 100 year mystery of a Kerry historian's murder. Taistealaíonn an craoltóir agus iar‑imreoir caide Dara Ó Cinnéide go deisceart Mheiriceá chun rúndiamhair 100 bliain d’aois faoi dhúnmharú staraí as Ciarraí a réiteach

Patrick M. Foley wrote three valuable but largely forgotten histories of the Dingle peninsula at the turn of the 20th century. He then emigrated to USA in 1908, leaving behind his wife and two infant children. He wasn’t heard of again until 1930, when a knock on the door in Ireland announced his death in Oklahoma – seemingly at the hands of the KKK. Dara Ó Cinnéide travels to Boston, Texas, and Cherokee Country in a bid to find out the truth about the life and death of this mysterious writer of note.

Rian_Na_Fola Péig Bácaoir Ó Báille agus Dara Ó Cinnéide
Péig Bácaoir Ó Báille agus Dara Ó Cinnéide

Ag tús an 20ú haois, scríobh Patrick M. Foley trí leabhar staire luachmhara, den chuid is mó dearmadta. D’imigh sé ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1908, ag fágáil ina dhiaidh a bhean chéile agus beirt leanaí óga. Níor chualathas trácht air arís go dtí 1930, nuair a fógraíodh a bhás in Oklahoma le cnag ar an doras in Éirinn – agus dealraíonn sé go raibh baint ag an KKK lena bhás. Taistealaíonn Dara Ó Cinnéide go Bostún, Texas agus críocha na gCherokee chun iarracht a dhéanamh an fhírinne faoi shaol agus faoi bhás an scríbhneora.

Rian na Fola, Dé Luain 4 Bealtaine, 6.30pm ar RTÉ ONE