skip to main content

'Tá muid ag seasamh ar ghualainn fathaigh',Kneecap ar an albam úr

Ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, craoladh agallamh a rinne Michelle Nic Grianna leis an mbanna ceoil Kneecap. Labhair Móglaí Bap, Mo Chara agus Dj Próvaí le Michelle faoin albam nua, FENIAN atá eisithe inniu, agus faoin chlú idirnáisiúnta atá bainte amach acu i ngach cearn den domhan.

Rinne siad cur síos ar an spreagadh Rónán Mac Aodha Bhuí dóibh agus iad ag tosú amach, agus an an t-ardán sé dóibh, nuair a thug sé cuireadh dóibh a gcéad cheolchoirm a dhéanamh ag an Cabaret Craiceáilte i dTeach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair, Dún na nGall. Beidh siad faoi chomaoin ag Rónán i gcónaí as an ardán a chruthaigh sé dóibh, agus murach é ní bheadh siad ag seinm ceoil, dar leo.

Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann.

Ag tagairt don albam nua, dúirt Móglaí Bap: "Thosaigh muid é seo mí Dheireadh Fómhair seo caite thall i Londain. Bhí muid ag iarraidh albam úr a dhéanamh, dul i dtreo úr, agus fuair muid Dan Carey mar 'producer'. Dar ndóigh, FENIAN an t-ainm atá ar an albam, a thagann ó na Fianna. An chéad traic ar an albam, Éire go Deo... Tá Rónan Mac Aodha Bhuí ann... D’úsáid muid guth s’aige sa chéad amhrán. Rónán agus Manchán [Magan]. Bíonn muid i gcónaí ag smaointiú ar Rónán go háirithe mar thug sé an chéad deis dúinn seinm Tigh Hiúdaí Beag ag an Cabaret, bhí muid istigh le Rónán sa raidió thart fán am sin in 2018..."

Lean Mo Chara ar aghaidh faoin albam: "Tá muid ag seasamh ar ghualainn fathaigh... Is cinéal ‘homage’ é do na daoine a tháinig romhainn agus a rinne an obair chrua ar fad... Is cailliúint mhór é Rónán agus gan a leithéid, ní dóigh liom go mbeadh muidne anseo... Bíonn muid ag smaointiú ar Rónán go minic."

Dúirt Móglaí Bap: "...Sin an tábhacht le Hiúdaí’s agus Hugh Hiúdaí Beag é féin, ag cur na spásanna seo ar fáil, gan an Cabaret agus gan Hiúdaí’s, cá bhfios an mbeadh muid anseo inniu."

Ag caint faoi na téamaí nua san albam, dúirt Dj Próvaí: "Tá cinéal meascán mearaí ann... Tosaíonn sé i bhfad níos ciúine agus tá sé ag déileáil leis an stuif ar fad a tharla le cúpla bliain anuas... an cás cúirte... agus ansin tá an stuif pearsanta fosta... Tá muid bogtha ar shiúl giota beag ón chóisireacht agus ón chraic sin ar fad, ach tá sé go fóill ann... Tá muid ag dul anonn in aois!"

Rinne Móglaí Bap cur síos faoin traic Irish Goodbye: "Thosaigh sé nuair a sheol duine éigin clár faisnéise chuig m’athair, clár a bhí bunaithe ar an tréimhse a chaith m’athair mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge... Bhí clip ann de mo mháthair agus na leaids sa teach... agus b’shin an chéad uair go bhfaca mé físeán dom féin agus mo mháthair... Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus mhothaigh mé go raibh orm an t-amhrán seo a scríobh... Is dócha nuair a tharlaíonn bás tragóideach, déanann tú dearmad ar na laethanta maithe, agus na rudaí beaga a a chronaíonn tú nuair a imíonn duine éigin, na siúlóidí beaga, na bomaití idir na bomaití... Seo cuid den phróiséas chun smaointiú ar na dea-laethanta, seachas smaointiú go bhfuil siad imithe go hiomlán, seo cinéal deis dul tríd na ‘archives’, na cuimhní agus na cinn mhaithe a phiocadh amach, agus iad sin a chur chun tosaigh san inchinn seachas na cinn atá níos brónaí."

Ag tagairt don chás cúirte, dúirt Mo Chara: "Don chuid is mó, nuair a bhíonn bannaí ar fud an domhain ag déanamh albaim, is féidir leo iad fhéin a choinneáil príobháideach, ar shiúl ón domhan ar feadh trí mhí an t-albam á dhéanamh... Muidinne, a mhalairt, bhí muid i súile an phobail! Ar dtús baire shíl muid gur ‘hindrance’ mór a bhí ann, go raibh orainn stopadh ag obair sa stiúideo le dul chuig an Magistrates Court... ach sa deireadh bhí muid ábalta spreagadh mór a fháil fá choinne amhrán cosúil le Carnival... D’úsáid muid é mar inspioráid mhór... Ní raibh easpa eispéireais againn don dara albam!"

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.