skip to main content

Fires and Fairies: Féile na Bealtaine

a group of people in clothing walking on a hill
Íomhá ó na Féilte Tine

Le tamall de bhlianta anuas, tá spéis mhór léirithe ag an bpobal sna Féilte Tine. Ar cheann acu, tá Féile na Bealtaine.

In recent times, more of us have become interested in how our ancestors marked the passing of time, in their own, seasonal way. Bealtaine is one of those important dates in the calendar where Irish people (and people across Europe) welcomed in light, good luck and prosperity.

Léiríonn Féile na Bealtaine an cheangail láidir a bhí againn leis an aimsir, na séasúir agus an talamh chomh maith leis na nithe a cheangail muid leis an saol eile. I dtír a bhí ag brath cuid mhór ar an talamh chun iad féin a choinneáil beo, níl aon iontas go raibh muid chomh tógtha leis an méid a bhí ag tarlú thart timpeall orainn.

Éist anseo le heagrán speisialta den phodchraoladh ó Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Blúiríní Béaloidis a dhíríonn ar na traidisiúin a bhain le Bealtaine, á chur i láthair ag Jonny Dillon agus Claire Doohan.

We need your consent to load this Spotify contentWe use Spotify to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

In this edition of Blúiríní Béaloidis / Folklore Fragments, hosts Claire Doohan and Jonny Dillon discuss some of the traditions and customs popularly observed at this time; from hiring fairs and Booleying, to shapeshifting witches and May altars.

Dár ndóigh, mhair cuid de na nósanna a bhíodh ag Éireannaigh chuig am na Críostaíochta agus athraíodh cuid acu le go n-oirfeadh siad don tréimhse nua seo, cuir i gcás na May Altars a fheiceann muid san Eaglais Chaitliceach.

Folklore historian Jo Kerrigan spoke to Oliver Callan about the rituals and traditions around Bealtaine in Ireland. She spoke about gathering flowers to hang above the door for good luck as well as cutting the hawthorn (which was unlucky at other times of the year except on May Eve.) Bhain go leor pisreoga leis an sceach gheal mar gurb é sin an crann a samhlaíodh leis an lucht Sí. Kerrigan calls the hawthorn tree the 'magic tree', as it was always seen as the fairies' tree.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Dúirt Kerrigan freisin go raibh tábhacht mhór a bhain leis an tine ag an am seo den bhliain. Ní mhúchfaí an tine in Éirinn choíche, seachas ag Samhain agus ag Bealtaine nuair a mhúchfaí iad le tinte cnámha speisialta a lasadh ag meánoíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá speisialta.

Bhain cuid mhór de na nósanna timpeall ar Fhéile na Bealtaine le glanadh amach agus samhlaíodh Bealtaine mar thús nua do dhaoine agus deis don dúlra agus do dhaoine tosú as an nua arís.

Bealtaine was looked upon as a chance to do some 'spring cleaning' and as an opportunity to start afresh with the vitality of nature to draw upon.

Tá sraith cláracha faoi na Féilte Tine ar fad, Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa a chlúdaíonn na cleachtais a bhíodh ag na hÉireannaigh chomh maith leis an gceilúradh a bhain leo le feiceáil anseo.