Tá feachtas nua darbh ainm AthGhaelú seolta ag Conradh na Gaeilge, ag iarraidh logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn agus daoine a mhealladh chun iad a úsáid níos minice sa saol laethúil.
Tá sé mar aidhm ag AthGhaelú daoine, comhlachtaí agus eagraíochtaí a spreagadh chun logainmneacha Gaeilge úsáid in ionad cinn Bhéarla i ngach gné den saol - ó phost a sheoladh, teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí poiblí, agus comhráite laethúla. Ag croílár an fheachtais, is glao chun gnímh simplí ach cumhachtach é: bain úsáid as ainmneacha Gaeilge dúchasacha na n-áiteanna ina mairimid.
Labhair John Prendergast, Bainisteoir Abhcóidíochta Chonradh na Gaeilge, faoin bhfeachtas ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Mar chuid den tionscnamh, tugtar cuireadh don phobal clárú leis an nGealltanas Logainmneacha , ag gealladh go n-úsáidfidh siad logainmneacha Gaeilge ina saol laethúil.
Tá logainmneacha na hÉireann i measc na cinn is sine san Eoraip, agus meastar gur as an nGaeilge a thagann 95% dár logainmneacha. Saibhir ó thaobh brí de, léiríonn siad tírdhreach, stair agus scéalta - bríonna a chailltear go minic as Béarla. Cé go n-insíonn ainmneacha cosúil le Béal Feirste nó Cill Airne dúinn faoin tír agus a stair, cuireann na leaganacha Béarla sin i bhfolach.
Tá sé mar aidhm ag AthGhaelú na bríonna sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus an Ghaeilge a dhéanamh níos sofheicthe, níos ábhartha, agus níos forleithne in Éirinn an lae inniu. Ceanglaíonn an feachtas freisin le gluaiseacht dhomhanda atá ag fás chun ainmneacha dúchasacha a athbhunú agus dúshlán a thabhairt d'oidhreacht chleachtais ainmniúcháin choilíneacha.
Ag labhairt faoin bhfeachtas, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
"Breis is 100 bliain ó gur bhaineadh saoirse amach ó dheas ar an oileán seo, nach náireach an rud é go bhfuil muid fós ag úsáid logainmneacha cóilíneach gan chiall go forleathan. Tá sé thar am dúinn spreagadh a fháil ó tíortha eile ag díchóilíniú a gcuid logainmneacha ar nós An India ag athsealbhú ainmneacha cosúil le Bombay → Mumbai, Calcutta → Kolkata. Chuige sin táimid thar a bheith bródúil AthGhaelú a sheoladh. Tá níos mó i gceist leis an bhfeachtas seo ná húsáid na Gaeilge, baineann sé le féiniúlacht, úinéireacht, agus athcheangal le brí na n-áiteanna mórthimpeall orainn. Is rud é úsáid logainmneacha Gaeilge is féidir le gach duine a dhéanamh, agus is bealach cumhachtach é chun ár n-oidhreacht a choinneáil beo."
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
"Níor aistríodh ár logainmneacha - athraíodh iad trí phróiseas coilíneach a scar daoine ó bhrí a dtírdhreacha féin. Is é atá i gceist le hAthGhaelú ná na hainmneacha sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus iad a aithint mar chuid bheo dár bhféiniúlacht. Féachann muid pobail eile, sa Bhreatain Bheag mar shampla, ag glacadh céimeanna lena logainmneacha dhúchasacha a fréamhú sa ghnáthshaol chomhaimseartha agus ní mór dúinn amhlaidh a dhéanamh anseo. Trí logainmneacha Gaeilge a úsáid inár saol laethúil, táimid ag athcheangal leis an teanga, leis an tírdhreach, agus leis na scéalta a mhúnlaíonn muid ar fad."
Tógann an feachtas ar iarrachtaí leanúnacha ar fud an oileáin chun logainmneacha Gaelacha a úsáid, ó cheantair Ghaeltachta go feachtais phobail ar son comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh.