Labhair muid le Sláine Ní Chathalláin, láithreoir An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról agus an clár clúiteach seo.
Tá cáil ar Corca Dhuibhne as an gcultúr beo a mhaireann timpeall na leithinse. An bhfeiceann tú An Saol Ó Dheas mar chuid de sin?
Ó gan aon dabht. Tá cultúr ar an Saol Ó Dheas gach uile lá, pé acu an amhráin sean-nóis, ceol traidisiúnta, béaloideas áitiúil, blaisíní ónár gcartlann nó caint ar logainmneacha é, nó díreach dea-ghaolainn bhlasta mhuintir Chúige Mumhan a chlos as na ceantair Ghealtachta ar fad, mar sin tá ról ag An Saol Ó Dheas an cultúr a choimeád ina bheathaigh ar an raidió, agus cur leis an stór atá ann cheana féin.
Ceiliúradh í Féile na Bealtaine ar dheireadh an gheimhridh agus teacht an tSamhraidh, an gcuireann tusa mórán béime ar shéasúir na bliana i do shaol?
Ní dheinim pointe de, ach creid é nó ná creid, is breá liomsa an Gheimhreadh. An fiantas a bhíonn sa bhfarraige, sa spéir, san aimsir, an luí gréine luath tráthnóna a bhíonn chomh draíochtúil, drámatúil, le linn drochaimsir nó aimsir stoirme. Taitníonn an tráthnóna gearra cois tine liom, agus a bheith deas cluthair i m'nead féin. Tá a bhua féin ag gach saesúr, ach sa Gheimhreadh, bíonn an leithinis ciúin, fiain agus tugann san braistint ar leith dom.
Tá An Saol Ó Dheas á chur i láthair agat anois le tamall, cad atá foghlamtha agat faoin gclár, faoin bpobal éisteachta agus fút féin, mar chraoltóir?
Is é an saghas cláir é an Saol Ó Dheas go bhféadfadh aon ábhar faoin spéir a 'theacht aníos air! Ó fhear ag trácht ar a bheith ag fáil cromáin nua, go dtí Daonáireamh 1926, go dtí athbhreithniú ar an gcaighdeán oifigiúil, go dtí turtar a bheith á sheolad ar eitleán ón nDaingean go dtí na tíortha teo. Tá rud éigin ann do chách, óg nó aosta, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais. Tá pobal éisteachta ana fhairsing againn, buíochas le Dia. Tógaim ceann dos na daoine ar fud na tíre a éisteann linn, nach ón nGaeltacht iad. Éistíonn mórán de mhuintir na Gaeltachta linn atá buailte futhu anois, lasmuigh den nGaeltacht agus braithim go gcasann siad An Saol Ó Dheas chun an nasc sin leis na mbaile a choimeád. Mar chraoltóir, mise, bhuel deinim iarracht mo phearsantacht féin a chur chun cinn, gan a bheith ag ligint orm gur éinne eile mé, agus comhrá a bheith agam seachas agallamh a chur ar an aoí, atá tar éis a gcuid ama a thabhairt go fial dúinn, chun cainte linn.
Beidh An Saol Ó Dheas beo ó Fhéile na Bealtaine na bliana seo, cad atá beartaithe agaibh, dóibh siúd nach mbeidh i láthair?
Beimid beo ó Gháirdíní an Dísirt arís i mbliana, thuas ar barra, mar a bhfuil stáitse adhmaid aoibhinn. Beidh ceol, filíocht, ealaíon agus nithe eile a bhaineann leis an bhFéile á bplé. I measc na n-aíonna, beidh idir chuairteoirí ar nós Chiara Ní É, agus muintir na háite, ar nós an tEalaíontóir Áine Ní Chíobháin, beirt a bheidh i mbun a gceirde ag Féile na Bealtaine i mbliana, ceann des na féilte is spleodraí, is fearr agus is fáiltiúla ar domhan, san áit is fearr ar domhan!
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00
Craolfar an clár beo ó Fhéile na Bealtaine, Dé hAoine 1 Bealtaine 12.00pm