skip to main content

Sáile: Cad é a mheallann daoine i dtreo na farraige?

Rachaidh Carrie Crowley ar aistear pearsanta ar fud chósta na hÉireann go bhfaighidh sí amach faoin gceangal láidir atá ag muintir na tíre seo leis an sáile.

Ar an mbealach, labhróidh sí le snámhaithe, muireolaithe agus gníomhaithe mara atá ag cosaint agus ag caomhnú na farraige.Tá mealltacht ag an bhfarraige atá rúndiamhrach. Tá rud éigin fúithi a mheallann daoine ar fud an chósta dul ag snámh. Tá an t-aisteoir Carrie Crowley ar dhuine acu sin. Sa chlár seo Sáile, rachaidh sí ar aistear timpeall chósta na hÉireann agus casfaidh sí le snámhaithe eile chun an tarraingt atá ag an uisce sáile a phlé leo.

Cuirfidh sí tús leis an aistear sin ina contae dúchais féin Port Láirge agus casfaidh sí le scata ban a bhíonn ag snámh go rialta ar Thrá an Bháid. Tabharfaidh sí a haghaidh ansin ar Ros Neamhlach i nDún na nGall chun casadh leis an Muireolaí Sóisialta Easkey Britton chun tionchar na farraige ar an meabhairshláinte a phlé. Meallfaidh an fharraige ar ais go Conamara í ansin, áit ar chaith sí an-chuid dá hóige. I Ros Muc, buailfidh sí leis an mbainteoir feamainne Máirtín Sonny (agus rachaidh sí ag snámh le Danny de Bhailís, ealaíontóir as an áit, ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.Le blianta beaga anuas, tá fiabhras aisteach tagtha ar an bhfarraige… Tonn teasa mara a thugann na saineolaithe air seo.

Carrie Crowley agus Breanndán Ó Beaglaoich, Sáile.
Carrie Crowley agus Breanndán Ó Beaglaoich, Sáile.

Buailfidh Carrie leis an Muireolaí Gerard McCarthy chun tionchar na n-athruithe seo a phlé. Tá an fharraige go smior i muintir Chorca Dhuibhne, agus labhróidh sí leis an léachtóir Béaloidis Aoife Granville faoi thionchar na farraige ar bhéaloideas na háite.Agus Carrie ag caint faoin gclár deir sí, "Glacaim leis go ndéanann an tumadh seo maitheas dom, ach tá an tarraingt níos doimhne ná sin. Is caidreamh agus is comaoin atá ann. Comhrá idir corp agus taoide. Ach fad is atá teocht an uisce ag ardú, tá an comhrá sin ag athrú. Tá sruthanna an Aigéin ag iompú agus tá cothromaíocht na mara ag fulaingt ar bhealaí nach dtuigeann muid in aon chor. Mar sin, bheartaigh mé éisteacht le glór na farraige féin, agus shocraigh mé camchuairt snámha a dhéanamh timpeall na tíre agus cluas éisteachta a thabhairt do shnámhaithe eile agus an méid atá an fharraige chríonna ag cogarnach leosan."

Sáile, Dé Céadaoin, 29 Aibreán, 9.30pm ar TG4.