Sa tsraith seo, léiriú de chuid Stiúideo Cuan, beidh cuid de mhórcheoltóirí na Gaeilge i mbun ceoil agus comhrá le Liam Ó Maonlaí.
Beidh Liam ag plé mór-théamaí an tsaoil agus an cheoil leo. Inniu ar an gclár, beidh na ceoltóirí as Baile Átha Cliath, Doireann Ní Ghlacáin agus Libby Mc Crohan i mbun ceoil agus comhrá le Liam.
Mná ilghnéitheacha iad Doireann agus Libby agus labhróidh siad faoi shaol an cheoltóra óig chomh maith lena n-aistear féin go dtí seo i mbun amhránaíochta agus ceoil.
Thursday 23rd April, 7.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.