skip to main content

Muireann Nic Amhlaoibh ar a haistear le hailse

Labhair láithreoir Folk on One agus an t-amhránaí, Muireann Nic Amhlaoibh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ailse brollaigh a bhí uirthi.

Singer and presenter of RTÉ Radio One, Folk on One, Muireann Nic Amhlaoibh spoke on RTÉ Raidió na Gaeltachta's An Saol Ó Dheas about the year the spent undergoing treatment for breast cancer.

Dúirt Muireann go raibh bliain 'tougháltha' aici ach go bhfuil sí ag dul i bhfeabhas. D'aimsigh sí cnapán ina cíoch, rud a tharla cheana ach an uair seo, dúirt sí go raibh 'fhios aici nuair a chuaigh sí chuig an ospidéal i gCorcaigh go raibh ailse uirthi laistigh de dheich nóiméad.

Ó shin i leith, chuaigh an t-amhránaí as Corca Dhuibhneach faoin scian cúpla uair agus tríd sraith ceimiteiripe agus radaiteiripe agus go bhfuil sí anois ag tógáil taibléidí. Cé gur bhain an ailse preab aisti, deir Muireann gur aimsigh sí neart nach raibh 'fhios aici a bhí inti chun teacht slán ón tinneas.

'cheapas nach mbeinn in ann dó in aon chor, ach bhíos in ann dó'

Choinnigh Muireann uirthi ag obair agus í breoite mar go raibh 'fhios aici gur chabhraigh an ceol léi nuair a chuaigh sí tríd tréimhsí deacra ina saol roimhe seo, nuair a cailleadh a hathair, Feargal agus a cara mór sa cheol, Séamus Begley. 'Neartaíonn sé mé, cothaíonn sé mé', a dúirt sí.

Bhí an baol ann go gcaillfeadh Muireann a glór agus deir sí go bhfuil sí fíorbhuíoch go bhfuil sin fós aici agus nach ndeachaigh an leigheas a fuair sí i bhfeidhm air.

Cé go raibh an cúram a fuair sí dúshlánanach ar uairibh, dúirt sí go raibh 'laethanta maithe' ann freisin lena linn.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00

Éist le Muireann Nic Amhlaoibh ar Folk on One, oíche Shathairn, ar a 10 ar RTÉ Radio One.