Labhair an t-amhránaí, Maighréad Ní Dhomhnaill ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoina 'buanchara', Moya Brennan, nó Máire Ní Bhraonáin a cailleadh inné.
Bhain Moya cáil amach go hidirnáisiúnta leis an ngrúpa ceoil a bhunaigh sí le baill dá teaghlach, Clannad agus ina dhiaidh sin, mar cheoltóir aonair agus leis an ngrúpa Tea with the Maggies.
Labhair cairde eile, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Fiachna Ó Braonáin faoina gcara álainn, a fuair bás inné. 'She may be gone but her voice remains', a dúirt Ní Mhaonaigh.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dúirt Maighréad gur duine galánta ab ea Moya a roinn a buanna agus a cuid ama go flaithiúil le daoine ina ceantar dúchais. Chuir sí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an learscáil idirnáisiúnta, thosaigh sí' rud mór, rud difriúil', ach d'fhan sí dílis don cheol traidisiúnta freisin, a dúirt Maighréad.
Ag caint faoin tréimhse a chaith sí in éindí le Moya sa ghrúpa Tea with the Maggies, dúirt sí go raibh an-chraic leo lena chéile agus gur thaitin sé go mór le Moya am a chaitheamh le grúpa ban mar go raibh oiread blianta caite aici le fir sa ghrúpa, Clannad.
Craolfar clár omóis do Moya Brennan ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 11 inniu, Dé Máirt.