Scríobhann Louise Farrell, Léiritheoir Gaeilge ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Cúirt faoin bhfís atá aici don Fhéile atá ar siúl i gCathair na dTreabh go luath.
Le linn na sé bliana a raibh mé ag obair le Penguin Random House san earnáil foilsitheoireachta, mhothaigh mé go minic go raibh ganntanas imeachtaí Gaeilge sna féilte litríochta a raibh mé ag plé leo. Nuair a thosaigh mé ag saor-obair anuraidh, bhí sé mar sprioc agam dul i ngleic leis an mbearna sin. Bhí mé ar bís, mar sin, nuair a chuala mé go raibh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Cúirt ag lorg Léiritheoir Gaeilge don chéad uair, buíochas le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Bhí mé níos sásta arís nuair a fuair mé an ról.
Bhí clár Gaeilge ag an bhféile i gcónaí, ach anois, tá an clár níos láidre ná riamh. Tá Cúirt ag comhoibriú leis an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, le drámadóirí, filí, scríbhneoirí, taibheoirí, scannánóirí, amhránaithe agus ceoltóirí a chur os comhair an phobail i gcathair na Gaillimhe idir 21-26 Aibreán. Táimid ag obair chomh maith le grúpaí eile cosúil le Cló Iar-Chonnacht, Ealaín na Gaeltachta agus Éigse Éireann leis an gclár iontach seo a chur ar fáil.
An fhís atá ann don ról as seo amach ná go gcuirfidh sé an teanga í gcroílár na féile, agus go gcruthófar níos mó deiseanna d'ealaíontóirí na Gaeilge a gcuid oibre a roinnt ar ardán idirnáisiúnta. Tá an céatadán chainteoirí Gaeilge is airde sa tír ag contae na Gaillimhe (50%, Daonáireamh 2022), agus ba mhaith linn go mbeidh sé seo le feiceáil i gclár na féile, bliain ina dhiaidh bliain as seo amach.
Tá ticéid ar fáil anois. Féach thíos gach eolas ar an gclár Gaeilge i mbliana:
Déardaoin 23 Aibreán | 17:00 | Uair a chloig | €10/12
Áit: An Taibhdhearc
MC: Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta
Iniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo, comhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt. Beidh beirt scríbhneoirí as Corcaigh, Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus ag léamh óna saothair.
Na Seisiúin Fhilíochta Cúirt, le hÉigse Éireann
Déardaoin 23 Aibreán | 18:00 | 45 nóiméad | Saor in aisce
Áit: Charlie Byrne’s
Bí linn d’eagrán dátheangach Sheisiúin Fhilíochta Cúirt le beirt faighteoirí na Sparánachtaí Síolta Taibhsín 2025, Ola Majekodunmi agus Amano De Londra Miura.
Is amhránaí, file agus scríbhneoir amhrán í Amano. Is scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cruthaitheach í Ola.
Comhrá le Celia de Fréine: Cóirín na dTonn
Déardaoin 23 Aibreán | 19:00 | Uair a chloig | €10/12
Áit: An Taibhdhearc
MC: Áine Ní Ghlinn (file, iriseoir agus scríbhneoir)
Is file, drámadóir agus scríbhneoir próis í Celia de Fréine, agus pléifidh an t-imeacht comhrá seo a próiseas ó thaobh dráma a chur ón leathanach chuig an stáitse. Tá a dráma Cóirín na dTonn molta ar shiollabas na hArdteistiméireachta faoi láthair. Suite in iarthar na hÉireann ag deireadh an fichiú céad, insíonn sé scéal Chóirín agus í ag iarraidh saol úr a chruthú di féin tar éis bhás a máthar.
An Taibhdhearc: Comhrá le Faighteoirí na Sparánachtaí Síolta Taibhsín
Aoine 24 Aibreán | 14:30 | Uair a chloig | €10/12
Áit: An Taibhdhearc
MC: Seán Óg Ó Duinnín (file, scríbhneoir)
Bí linn le faighteoirí na Sparánachtaí Síolta Taibhsín 2025, clár forbartha ealaíontóirí na Taibhdhearca do scríbhneoirí, lucht déanta amharclainne agus ealaíontóirí taibhithe atá ag obair go gairmiúil sa Ghaeilge. Tacaíonn an sparánacht leo a gcuid smaointe a iniúchadh agus a fhorbairt. Rannpháirtithe: Ola Majekodunmi, Amano De Londra Miura agus Seoirsín Bashford.
An Taibhdhearc: Comhrá le hEalaíontóir Cónaithe Ciara Ní É
Friday 24 April | 17:00 | Uair a chloig
Áit: An Taibhdhearc
MC: Laoighseach Ní Choistealbha (file)
Bí linn do chomhrá le Ciara Ní É, duine de chúig ealaíontóirí cónaithe Taibhsín 2025. Is scríbhneoir, taibheoir agus scannánóir dhátheangach í Ciara. Baineann a cuid oibre le cultúr comhaimseartha na hÉireann, le béim ar leith ar theanga, féiniúlacht agus taithí na haiteachta.Ise a bhunaigh REIC, ardán ilteangach d’fhilíocht ó bhéal.
Filíocht ó Bhéal & Ceol na nGael
Aoine 24 Aibreán | 19:00 | Uair a chloig
Áit: An Taibhdhearc
Bí linn d’oíche filíochta ó bhéal le Ciara Ní É agus ceol ó Amano De Londra Miura, chomh maith le ceol ón ngrúpa traidisiúnta Leatsa. Is scríbhneoir, taibheoir agus scannánóir dhátheangach í Ciara. Is amhránaí, file agus scríbhneoir amhrán í Amano. Is faighteoirí Taibhsín 2025 iad an bheirt acu, clár forbartha ealaíontóirí na Taibhdhearca. Is banna de thriúr ceoltóirí óga dhátheangacha iad Leatsa, ó iarthar na tíre, a chasann ceol traidisiúnta, ceol na ndaoine agus pop-cheol.