Scríobhann Étáin Ní Churraoin faoin bplean atá aici agus í ag ullmhú lena dara páiste a thabhairt ar an saol go luath.
A chairde (Friends),
Tá súil agam go bhfuil sibh i mbarr bhur sláinte! (I hope you're all keeping FABULOUSLY!)
Tá na tráthnónta níos gile agus tá mé ag buzzáil faoi sin….ní phléifidh muid an bháisteach! (The evenings are brighter and I am BUZZING…..Let’s not mention the rain shall we!)
Mar a dúirt mé san alt deireanach, tá mé ag súil le páiste eile! (As I mentioned in my last article, I am expecting baby no.2!)
Mothaím thar cionn agus tá mé ag sú isteach na míonna atá fágtha agam le mo chailín beag. (I feel so good and I’m soaking in the months left with my little girl)
Tá mé ag cuimhniú ar mo thréimse iarbhreithe. (I’ve been thinking about my postpartum). Rudaí a dhéanfaidh mé arís agus rudaí nach ndéanfaidh mé. (Things I’ll do again, and things I won’t.)
Is cuimhin liom cuairteoirí ag teacht ar cuairt lenár gcailín beag a fheiceáil agus bhraith mé go raibh orm an teach ar fad a ghlanadh. (I remember people coming to meet our little girl and I felt that the house had to be spotless for our visitors).
Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar Instagram agus bean ag rá, 'má tá cuairteoirí ag teacht, fág an áit mar atá, fiú má tá sé ina phraiseach’. (I remember seeing a woman on Instagram say, ‘If you have visitors coming to the house, leave the house as it is, even if it’s in a mess).
Anois, Más féidir leatsa é sin a dhéanamh, is BREÁ liom do shaol. (Now, if you can do that, I LOVE your life!) Ach ní fhéadfainn. (However, I physically couldn’t). Bheadh orm ‘snas’ eicínt a chur ar an áit. (I would have to tidy the place in some way).
Mar sin… seo mo phlean. (So.. this is my plan). Díreoidh mé ar an gcistneach agus ar an seomra folctha. (I’ll focus only on the kitchen & the bathroom).
Céim a haon: (Step 1) An Seomra Folctha (The Bathroom):
Cuir mata folcadáin ar urlár an tseomra folctha. (Place a bathmat on the bathroom floor).
Croch suas tuáille láimhe úr agus cuir tuar sa leithreas. (Hang a fresh handtowel & place bleach into the toilet).
Nuair a fhágann na cuairteoirí, pioc suas an mata folcadáin láithreach, agus bíodh sé réidh don chéad chuairteoir eile - má tá sé glan, of course. ( When your guests leave, if the bathmat is still clean, pick it up immediately and have it ready for your next guests).
Céim a dó (Step 2) An Chistin (The Kitchen):
Glan an doirteal (Clean the sink). Caith chuile shórt isteach sa mhiasniteoir (Place everything into the dishwasher).
Má tá an doirteal glan, beidh cuma níos glaine ar an áit. (If the sink is clean, the place will look SO much cleaner!)
Céim a trí (Step 3):
Bíodh brioscaí sa chófra agat. (Have biscuits in the pantry). Beidh tú réidh i gcónaí don ‘unexpected visitor’. (You’ll be prepared for your unexpected visitor).
ORGANISED QUEEN!
Céim a 4 (Step 4):
Croith amach na cuisíní ar an tolg.(Fluff the cushions on the couch). Beidh cuma teolaí ar an áit. (They place will seem much cosier).
Céim a 5 (Step 5):
Líon an citeal le huisce agus bíodh an tae réidh le dul. (Fill the kettle with water and have the tea ready to go).
Beidh sé níos éasca ort nuair a thiocfaidh na cuairteoirí ag an doras. (It’ll be easier on you when the visitors arrive).
Seo chugaibh na céimeanna a dhéanfaidh mise agus mé i mo PP era! (They are the steps I plan on doing during my Postpartum era). Má tá aon duine agaibhse ag dul tríd faoi láthair, tá súil agam go bhfuil ag éiri go maith libh agus go gcabhróidh na céimeanna seo libh! (If you are going through it at the moment, I hope you’re doing well and I hope these steps help!)
Grá mór a chairde! (Lots of love)
É xo