skip to main content

Caighdeán peile ag dul ó neart go neart?

The Tyrone players stand for the anthem before the Allianz Football League Division 2 match between Tyrone and Cork at O'Neills Healy Park in Omagh, Tyrone.
Foireann Thír Eoghain

Scríobhann Cian Ó Griallais faoi chluichí na deireadh seachtaine agus impleachtaí na rialacha nua ar an gcluiche peile trí chéile.

An t-am seo an bhliain seo caite an cheist mhór a bhí ann ná cén tionchar a bheadh ag na rialacha nua ar pheil an tsamhraidh? An freagra - ní raibh aon chomparáid sa táirge le hais blianta eile. Tá an chraobh ag tosú an deireadh seachtaine seo agus le cluichí níos iomaíche anois nó mar a bhí le fada, an cheist atá anois ann ná an mbeidh tuilleadh feabhais ann? An mbeidh an caighdeán peile ag dul ó neart go neart?

B'fhiú a luath ag an stad seo go mbeidh cruth beagán difriúil ar an gcraobh i mbliana. Arís imreofar na craobhacha cúige mar is iondúil. Rachaidh an 8 bhfoireann ó na cluichí ceannais ar aghaidh go Craobh na hÉireann sa tóir ar Sam. In éindí leo siúd beidh Cill Dara, buaiteoirí Corn Tailteann na bliana seo caite, agus an chéad 7 bhfoireann eile ab fhearr ón tsraith.

Ní bheidh grúpaí ann i mbliana. Sa chéad bhabhta áfach, beidh tarraingt déanta idir buaiteoirí agus cailliúnaí na gCúigí, agus an 8 bhfoireann eile. Scarfar buaiteoirí agus cailliúnaí an bhabhta seo chun imirt in aghaidh a chéile sa chéad bhabhta eile. Dhá bhua agus tá tú sa gceathrú ceannais, caill péire agus tá tú amuigh. Tá sé chomh simplí leis sin. Beidh an leagan amach céanna ar Chorn Tailteann chomh maith. An t-aon difríocht ná Nua Eabhrach, más sa gcorn seo atá siad, ag teacht isteach ag réamhbhabhta ceathrú ceannais.

Mar sin, mar a bhí anuraidh beidh foirne ag iarraidh a n-áit a chinntiú nó a shaoradh trí Chraobhacha na gCúigí. Is ó thuaidh a bheidh na cathanna móra i dtosach. An deireadh seachtaine seo beidh Ard Mhacha ag cur fáilte roimh Thír Eoghain sa réamhbhabhta do Chraobh Uladh. Tá Ard Mhacha sa tóir ar an gcéad Craobh Uladh ó 2008 agus Tá Kieran McGeeney tar éis a rá go minic gur mórsprioc í don ghrúpa. Ní raibh feachtas maith ag Tír Eoghain sa tsraith. Tá cúiseanna leis seo áfach. Bhí imreoirí nach raibh ar fáil ar fáth amháin nó ar fáth eile. Tá Niall Morgan ar ais an deireadh seachtaine seo dóibh ach don todhchaí beidh Tír Eoghain ag breathnú ar imreoirí óga chun gualainn a chur leis an roth.

Dar leis an stair beidh sé deacair do cheachtar foireann dul chomh fada le Craobh Uladh. Ní hamháin go bhfuil cluiche breise acu ná na foirne eile ach ar a dtaobh den tarraingt tá Dún na nGall agus an Dún, seaimpíní sraithe Roinn 1 agus 3. Beidh an Dún ach go háirithe ag iarraidh a n-áit i gCorn Sam Mhic Uidhir a chinntiú. Ar an taobh eile tá Doire, Aontroim, An Cabhán agus Muineachán. Beidh siadsan ar fad den tuairim go bhfuil siad in ann Craobh Uladh a bhaint amach.

Ag bogadh ó dheas agus i gCúige Chonnacht cuirfidh Maigh Eo agus Ros Comáin tús lena bhfeachtais le cluichí as baile i gcoinne Londain agus Nua Eabhrach. Má tá siad buacach, imreoidh siad i gcoinne a chéile sa chéad bhabhta eile chun áit a bhaint amach i gCraobh Chonnacht. An dream a nach mbeidh sa gcraobh, beidh siad as baile sa chéad bhabhta de Chorn Sam Mhic Uidhir. Bheadh an dá fhoireann sásta lena bhfeachtais sa tsraith. Bhí buanna ag Ros Comáin sa mbaile acu i gcoinne Ard Mhacha agus Dún na nGall agus as baile i gcoinne na Gaillimhe.

Maidir le Maigh Eo bhí cúrsaí thuas seal thíos seal sa tsraith. Buanna i gcoinne na Gaillimhe agus Ard Mhacha mar shampla ach ar an taobh eile den scéal toradh an-díomách i gcoinne Chiarraí as baile. In ainneoin sin beidh Andy Moran muiníneach agus iad sa tóir ar an gcéad craobh Chonnacht ó 2021.

Tá foireann na Gaillimhe sa tóir ar an gcúigiú Corn Nester as a chéile ach ar éigean ar éalaigh siad ó ísliú céime sa tsraith. Beidh siad ag súil le cluiche i gcoinne Sligeach nó Liatroim chun tús láidir a chur lena bhfeachtas craoibhe. Arís beidh muintir na Gaillimhe ag coinneáil leathshúil ar aclaíocht Damien Comer agus Shane Walsh ach léirigh siad nach mbeidh siad ag brath orthu amháin. Dá dtiocfaidís ar ais, agus Matthew Thompson, shamhlófá mar sin go mbeidh siad ag éirí níos láidre i gcaitheamh na craoibhe.

I gCúige Mumhan, beidh an dá fhoireann is fearr ón tsraith, Ciarraí agus Corcaigh, ar dhá thaobh den chraobh ach an bhfeicfidh muid ansin iad? Ní dóigh liom go mbeidh Corn na Mumhan mar mhórsprioc ag buachaillí Jack O'Connor ach cinnte cabhróidh sé leo dearmad a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sraithe. Beidh Corcaigh lán le muinín agus iad tar éis ardú céime a bhaint amach go Roinn 1 agus iad sa tóir ar an gcéad craobh na Mumhan ó 2010. Tá an Clár tar éis a bheith ann le roinnt blianta ach le feachtas deacair i Roinn 3 seans go mbeidh siad sin ag díriú i dtreo feachtas i gCorn Tailteann agus thabharfaidís faoi sin le muinín.

Armagh team

Le fada ba é craobh Laighean an chraobh ba shimplí le réiteach ach ní mar sin atá anois. Tar éis don Mhí Baile Átha Cliath a bhualadh anuraidh sa gcluiche leathcheannais d’éirigh leis an Lú Corn Delaney a ardú don chéad uair ó 1957. I mbliana beidh na foirne sin, chomh maith le Cill Dara sa tóir ar chluiche ceannais ar an 17ú Bealtaine .

Beidh na Dubs ag iarraidh a léiriú nach bhfuil na laethanta órga thart fós. Ní raibh feachtas iontach sraithe acu agus ísliú céime i ndán dóibh tar éis do Ghaillimh iad a chloí ar an lá deireadh don tsraith. Beidh le feiceáil fós cén ról a bheidh ag a mbainisteoir Ger Brennan. Cuireadh cosc 12 sheachtain air ó imeachtaí foirne tar éis cluiche na Gaillimhe. Caillfidh sé feachtas Laighean ar fad agus an chéad bhabhta de na cluichí cáiliúcháin. Beidh le feiceáil an mbeidh toradh ag aon achomharc a dhéantar ach ní hé an réiteach is fearr é dá chéad fheachtas craoibhe mar bhainisteoir ar na Dubs.

I rith na sraithe ba iad an Mhí a tharraing an méid is mó cainte orthu féin. Tá stíl oscailte sciobtha imeartha acu agus feileann na rialacha nua go mór iad. Beidh siad ag iarraidh céim amháin eile a ghlacadh i mbliana agus corn eile a leagadh ar an mbord le dul le corn Roinn 2. Is iad an Lú na seaimpíní agus beidh siadsan ag iarraidh a léiriú go bhfuil siad mar chuid do na foirne is fearr sa tír. Le tosaithe ar nós Sam Mulroy, Ciaran Downey agus Ryan Burns agus cosantóirí ar nós Craig Lennon agus Dermot Campbell beidh lucht leanúna an Lú muiníneach.

Ag breathnú ar an tarraingt do na craobhacha cúige, beidh cluichí maithe, iomaíocha ann. Bí cinnte go mbeidh roinnt torthaí ann nach mbeidh daoine ag súil leis. Anbhfeicfidh muid aon cheann an deireadh seachtaine seo? Beidh le feiceáil. An mbeidh craobh againn a bheidh chomh maith le craobh na bliana seo caite? Beidh orainn fanacht tamaillín eile ar fhreagra na ceiste sin.