Intinní Áille – Beautiful Minds is a compelling and deeply personal documentary which follows presenter Róisín Ní Thomáin as she explores the many challenges facing Ireland's neurodivergent population.
In Intinní Áille, Róisín meets with some truly inspiring individuals and groups who are working tirelessly to improve society for neurodivergent people. She witnesses first-hand the toll felt by many Irish families struggling to find the support they need and deserve. She delves into the stigma still surrounding neurodiversity and discovers what can be achieved when all of us – neurotypical and neurodivergent – are allowed to thrive. The documentary culminates in Róisín going through the assessment process for ADHD.
Is clár faisnéise mealltach an-phearsanta é Intinní Áille – Beautiful Minds a leanann an láithreoir Róisín Ní Thomáin agus í ag foghlaim faoi na dúshláin iomadúla atá roimh phobal néara-éagsúil na hÉireann.
In Intinní Áille, buaileann Róisín le daoine agus grúpaí fíorspreagúla atá ag obair gan staonadh chun an tsochaí a fheabhsú do dhaoine néara-éagsúla. Feiceann sí lena súile cinn féin lorg an chruatain ar theaghlaigh fud fad na hÉireann agus iad ag streachailt le teacht ar an tacaíocht atá de dhíth orthu agus atá tuillte acu. Fiosraíonn sí an stiogma a bhaineann fós leis an néara-éagsúlacht, agus faigheann sí amach faoi na héachtaí atá i ndán dúinn ar fad – idir dhaoine néaraitipiciúla agus daoine néara-éagsúla – ach an deis a bheith againn teacht i mbláth. Ag deireadh an chláir faisnéise, tugann Róisín faoin phróiseas measúnaithe le haghaidh ADHD.
Intinní Áille, Déardaoin, 9 Aibreáin ag 10.30pm ar RTÉ ONE