Sa chlár seo, labhrann Michelle Nic Grianna le beirt bhan, Ann Uí Chnáimhsí as Gaoth Dobhair agus Patricia Herald as Loch an Iúir a tháinig as Tithe Máithreacha agus Leanaí agus a bhí ag iarraidh fáil amach cé iad féin agus cá dtáinig siad as agus iad ag gabháil i méadaíocht.
Cuireadh Ann agus Patricia go Gaoth Dobhair agus Loch an Iúir nuair a bhí sí ina gcailíní beaga, ó Theach Máithreacha agus Leanaí i mBaile Átha Cliath, gan aon Ghaeilge. Insíonn an bheirt a scéal go Michelle Nic Grianna ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Michelle Nic Grianna speaks with two women, Ann Uí Chnáimhsí from Gaoth Dobhair and Patricia Herald from Loch an Iúir, who came from Mother and Baby Homes and who, as they grew up, were trying to find out who they were and where they came from.
Labhair Ann faoina hóige, gur tógadh í i mBaile Átha Cliath go dtí go raibh sí cúig bliana nuair a cuireadh í go Gaoth Dobhair. Béarla uilig a bhí aici agus í san Ardchathair ach b'éigean di Gaeilge a fhoghlaim nuair a tháinig sí go Gaeltacht Dhún na nGall. Dúirt Ann gur cuireadh go teaghlach í nach raibh oiriúnach do pháiste óg agus go raibh sí ag obair go dian agus í ina cailín óg.
Dúirt Patricia go raibh a scéal amhlaidh; tháinig sí as 'home' i mBaile Átha Cliath agus go raibh sí ag tabhairt aire d'ainmhithe agus í ocht mbliana d'aois, ag obair ar an bhfeirm, ag timireacht agus ag cur prátaí. D'éirigh sí fiosrach faoina cúlra thart ar aois ocht mbliana déag d'aois. Ní raibh Béarla ar bith ag a 'máthair nua' agus ní raibh Gaeilge ar bith ag Patricia ag an am. Tá cuimhní aici ar an 'home' agus dúirt sí go raibh go leor páistí eile ann.
Níos déanaí ina saol, chuaigh an bheirt bhan i mbun fiosraithe agus d'aimsigh siad daoine a bhí gaolta leo i gceantair éagsúla den tír. Insíodh scéalta a dtuismitheoirí dóibh nuair a chas siad le daoine muinteartha leo. Dúirt Ann go raibh sí 'iontach sásta' gur aimsigh sí a scéal féin agus a fréamhacha.
Dúirt Patricia gur éirigh léi bualadh le cuid dá teaghlach agus go ndearna sé maitheas di iad a fheiceáil ach go raibh brón uirthi nár éirigh léi bualadh le ceachtar dá tuismitheoirí.
Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.