skip to main content

Leabhar na Míosa: Scéal Ó Carolina

Scéalta ó Carolina
Grianghraf leis an bhfoilsitheoir, Éabhlóid.

Gach mí, roghnaítear leabhar mar leabhar na míosa ar RTÉ RnaG. An mhí seo, roghnaíodh, Scéal ó Carolina, cnuasach filíochta le hÁine Ní Fhoghlú. Labhair muid leis an bhfile faoin saothar trítheangach seo.

Leabhar fíorspéisiúil é seo a fhreastalaíonn ar trí theanga, conas a ndeachaigh na teangacha sin i bhfeidhm ortsa, mar fhile?

Ós rud é gur le Gaeilge a tógadh ón gcliabhán mé agus gur fhás mé suas sa Ghaeltacht, is í an Ghaeilge an fíorbhraon atá laistigh ionam. Creidim nach mór d'aistritheoir 'súil úr’ a bheith acu ar dhánta agus bhí leisce orm iad a chur i láthair i mBéarla óm pheann féin, mar nár bhraitheas go mbeadh an léargas úr sin agam orthu, agus a fhad a bhí mé ag plé leis na bunleaganacha. Mar sin, bhí ríméad an domhain orm gur thug na filí Paddy Bushe, Theo Dorgan, Catherine Foley, Cathal Ó Searcaigh, Celia de Fréine, Thomas McCarthy, Eibhlís Carcione agus Eiléan Ní Chuilleanáin faoi na haistriúcháin don chnuasach seo. Dar liom is mór an mhaise ar na bundánta a gcuid oibre agus is dóigh liom go gcuireann siad go mór leis an saothar. Léim na leaganacha Béarla anois dom féin mar a bheadh dánta nua á léamh agam agus is aoibhinn liom iad! Maidir leis na leaganacha Spáinnise, a bhuíochas le Sinéad Mac Aodha i Litríocht Éireann, bhí an t-ádh liom teacht ar an bhfile agus an t-aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na bundánta ó Ghaeilge (bhí an-chuid plé eadarainn sa phróiséas, mar theastaigh uaim go dtosnódh sé ó bhonn seachas iad a aistriú ó na haistriúcháin Bhéarla). Creidim nach mór do gach saothar filíochta a bheith ionraic, iontaofa agus mar sin theastaigh file Airgintíneach uaim a mbeadh meon agus tuiscint aige ar chultúr na tíre sin agus ar an léargas uirthi a fhaightear sna dánta. Cé nach bhfuil an t-uafás difiríochtaí idir Spáinnis na Spáinne agus Spáinnis na hAirgintíne, mar sin féin uaireanta bíonn na difiríochtaí suntasach. Le go mbeadh blas barántúil ar gach focal don léitheoir Airgintíneach, ní roghnóinn éinne ach file ón tír sin. Arís, dar liom gur dhein Jorge sár-job. D’fhéadfaí a rá go bhfeidhmíonn an Béarla sa chás seo mar dhroichead idir an dá sprioctheanga, ach creidim gur thángamar ar an bhfíorbhraon sna trí teangacha agus tá súil agam go n-aontóidh na léitheoirí liom gur aimsíomar croí sprice!

Tá go leor sa chnuasach anseo faoi cheangail le cultúir, an bhfeiceann tú an fhilíocht mar bhealach éifeachtach chun sin a dhéanamh?

Níl aon amhras ach gur teanga dhomhanda í an fhilíocht, díreach dála an cheoil. Má theastaíonn ó ealaíontóir cumarsáid tras-chultúrtha a dhéanamh, is féidir go mbeadh an fhilíocht ar nós tadhall láimhe idir an dá chultúr sin, cuma cé chomh fada i gcéin iad nó cé chomh héagsúil is atá siad. Tuigeann léitheoirí teachtaireachtaí, mothúcháin agus íomhánna na filíochta i gcultúr ar bith, má tá siad dea-chumtha. Blianta beaga ó shin, bhí mé i bpáirt le filí eile as Éirinn ag féile filíochta i gcathair Riga, sa Laitvia. Aistríodh dánta liom go Laitvis agus léadh iad do lucht féachana mór nach raibh focal Gaeilge ag éinne acu. Ach, sa phlé againn níos déanaí chuir sé ionadh orm go ndúirt go leor daoine liom gur mhúscail na bunleaganacha rud éigin instinniúil go doimhin iontu agus gur thug na léamha Gaeilge breis léargais dóibh ar shlí éigin nár thuigeadar féin, ar na leaganacha Laitvise. Ach maidir le pobal agus cultúr na hAirgintíne, tá go leor leor i gcoiteann againn ó thaobh meoin de go háirithe, agus is dóigh liom go n-aimseoidh léitheoirí é sin dóibh féin sna dánta.

Tristan Rosenstock
Tristan Rosenstock, láithreoir An Cúinne Dána

An bhfeiceann tú cosúlachtaí idir muintir na hÉireann agus muintir na hAirgintíne?

An rud is mó a chuaidh i bhfeidhm ormsa le linn mo thréimhse san Airgintín ná gur pobal bródúil iad atá neamhleithscéalach maidir lena dteanga, a gcultúr agus a náisiún. Ní cúis náire ach cúis bróid dóibh gach a mbaineann leo féin. Níl aon eilimint suntasach sa phobal a chaitheann anuas ar a bhféiniúlacht mar a tharlaíonn go minic anseo in Éirinn. Ach, sin ráite, caithfear a admháil gur náisiún iad a bunaíodh ar an gcóilíneachas agus gur a mhalairt a tharla anseo agus ní féidir é sin a chur ar leataobh. Mar sin féin, tá cosúlachtaí an-dearfacha idir ár gcultúr Gaelach agus cultúr agus meon an phobail sin. Mar shampla, tá siad gach pioc chomh tógtha lena ndeoch mate is atáimidne leis an tae (féach an dán ‘Marbh le mate’)! Tá siad fáilteach, croíúil, béasach. Daoine cuirtéiseacha sna siopaí a chuireann stró mór orthu féin chun freastal ort, agus tuigeann siad ‘an chraic’ – tá féith an ghrinn go láidir iontu. Agus, dar ndóigh, tá ceangailtí thairis sin idir an dá thír: Aithnítear an tAimiréal William Browne as Loch Garman mar bhunaitheoir chabhlach na hAirgintíne (atá luaite sa dán ‘Cárta poist ó Buenos Aires’), bhí John Thomond O’Brien chun cinn go mór i ngluaiseacht na saoirse ó Impireacht na Spáinne, agus bhí an tAthair Ó Fathaigh ina chrann taca iontach don phobal mór 40,000 inimirceach Éireannach a lonnaigh ann idir 1830-1930. Meastar go bhfuil 1,000,000 duine de bhunadh na hÉireann ann anois agus go leor eagraíochtaí Éireannach-Airgintíneach bunaithe acu, CLG san áireamh.

Cad atá á léamh agat féin faoi láthair?

Is gnách liom trí nó ceithre leabhar a bheith á léamh agam ag aon am ar leith – leabhar i ngach seomra – agus ag brath ar an ngiúmar a bhíonn orm, tarraingím chugam iad. Faoi láthair tá mé ag athléamh Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha, dán fada a chuireann síos ar an saol sóisialta, polaitiúil agus cultúrtha in Éirinn sa 19ú agus 20ú haois. Tá leabhar nuafhoilsithe díreach tagtha chugam ó shiopa Kenny’s i nGaillimh dárb ainm ‘Every moment is a life – Gaza in the time of genocide’ in eagar ag Susan Abulhawa. Cuireann áilleacht agus macántacht an phróis ó scríbhneoirí óga Ghaza sa leabhar sin iontas agus tocht orm, na scéalta ar nós rósanna faoi bhláth i measc thranglam na ndris atá ina dtimpeall. Léim ficsean an údair Lee Child agus tá ceann de scéalta Jack Reacher ar bun agam. Táim ag baint an-taitneamh as cnuasach nua haiku an fhile Liam Carson, ‘Belfast Twilight’, agus nuair a chuireann ráitis agus gnímh na bpolaiteoirí domhanda le báiní mé, tarraingím chugam ‘Understanding Power’ le Noam Chomsky le muga mór laté te, chun mé féin a mhaolú! Sin meascán agat anois – gach éinne agus a chúram fhéin air!

Pléifear Scéal Ó Carolina ar Thús Áite agus ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo.

Is féidir cóip a cheannach den leabhar Scéal Ó Carolina a cheannach anseo.