Tuairiscíodh le linn na deireadh seachtaine go bhfuil duine de mhórfhilí na hÉireann, Gabriel Rosenstock ar shlí na fírinne.
I gclár a rinne a mhac, Tristan, do RTÉ Raidió na Gaeltachta An Fear Nár Saolaíodh Riamh, dúirt sé agus é ag caint ar an mbás 'b'fhearr liom glacadh leis, mar chuid nádúrtha den saol'.
'bímse go minic idir dhá shaol, saol na fealsúnachta agus saol na filíochta'
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
File ab ea Rosenstock a d'fhoilsigh go fonnmhar le linn a shaoil, i mBéarla agus i nGaeilge do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Fear é a raibh dúspéis aige i gcultúir eile agus an spioradáltacht agus an fhealsúnacht a chuaigh leo.
Mar chuid den chlár Aistí ón Aer a léirigh Marcus Mac Conghail do RTÉ Raidió na Gaeltachta cúpla bliain ó shin, léigh Rosenstock 'Na Seascaidí' a scríobh sé féin agus ansin sliocht as saothar a d'aistrigh sé, 'An Fáidh' le Kahlil Gibran.