For thousands of years people in Ireland have cut turf to heat their homes and cook their food. It was an accessible, affordable and vital fuel, made from the very soil of Ireland itself. Then in the 1990's people realised that there was a lot more to our bogs than cheap fuel.
Our peatlands were discovered to be valuable carbon sinks that could potentially help save us from climate change.
But, when the bureaucrats in Brussels tried to take Irish people’s right to cut turf away from them, it caused absolute ructions. This one-hour documentary looks back at the vital role turf has played in Ireland, and the battle that ensued when the EU tried to stop Irish people cutting turf.
De bharr gur aoibhinn le muintir na hÉireann tine bhreá móna, bhí sé ina raic nuair a rinne an AE iarracht cosc a chur ar bhaint na móna.
Tá daoine in Éirinn ag baint mhóna leis na mílte bliain lena dtithe a théamh agus a gcuid bia a chócaráil. Breosla ríthábhachtach inacmhainne a bhí ann a raibh teacht go héasca air, agus bhí sé déanta as ithir na hÉireann féin.
Ach de réir a chéile fuair muid amach go raibh i bhfad níos mó i gceist leis na portaigh ná breosla saor agus talamh feirme athshlánaithe. Dar leis na gníomhaithe timpeallachta, is slogaidí carbóin thar a bheith luachmhar iad tailte portaigh na hÉireann a d’fhéadfadh cabhrú linn teacht slán ón athrú aeráide.
Ach, in 2011, nuair a rinne lucht an mhaorlathais sa Bhruiséil iarracht deireadh a chur leis an gceart a bhí ag muintir na hÉireann móin a bhaint, thosaigh rírá agus ruaille buaille.
For Peat's Sake, Dé Luain, 6 Aibreán ar RTÉ ONE ag 6.30