Scríobhann Eibhlín De Bhailís faoin tsraith nua, Blaiseadh de Shaothar Shean Phádraic Uí Chonaire atá le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan Cásca ag 2.05pm.
Cuirfear tús le sraith Blaiseadh de Shaothar Shean Phádraic Uí Chonaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca, an 6 Aibreán ag 2.05pm.
Deirtear gurb é Pádraic Ó Conaire, de bhunú Ros Muc i gConamara, sean Phádraig mar a thugtaí air, an scríbhneoir próis Gaeilge ba mhó le rá i dtús an chéid seo caite. Mhair sé idir 1882 agus 1928, agus d'fhág sé oidreacht shaibhir ina shaothar scríobhneoireachta ina dhiaidh.
Scríobh sé gearrscéalta, úrscéalta, aistí agus drámaí a raibh antóir orthu. Tabharfar deis d'éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta cuid dá shaothar a chloisteáil sa tsraith nua Blaiseadh de Shaothar Shean Phádraic Uí Chonaire ón Luan 6ú Aibreán 2026 ag 2i.n. ar feadh sé seachtaine. Beidh Máirín Nic an Iomaire as Corr na Rón, Indreabhán le cloisteáil ag léamh gearrscéalta ón leabhar Scothscéalta.
Beidh deis ag éisteoirí aithne níos doimhne a chur ar an scríbhneoiriomráiteach trí agallaimh thar a bheith suimiúil a rinneadh le cairde agus gaolta shean Phádraig a chloisteáil ó chartlann Raidió na Gaeltachta.I measc na gcainteoirí a chloisfear beidh Cristóir Mac Aonghusa, Pádraig Óg Ó Conaire, Colm Ó Gaora, Tomás de Bhaldraithe, Seán Mac Giollarnaith agus Gearóid Denvir.

Craoladh na cláracha seo ar Raidió na Gaeltachta ar dtús sna 1990idí, nuair a bhíothas ag breathnú siar chun comóradh agus omóis a thabhairt do shean Phádraic, fear a rugadh i gcathair na Gaillimhe agus a tógadh i Rosmuc le muintir a athar tar éis dá athair agus a mháthair bás a fháil go hóg.Cloisfear faoin ngreann a bhain le sean Phádraic agus an tsuim a bhí aige sna gnáthdhaoine agus é ag dul i mbun pinn. Dúirt an scríbhneoir Pádraig Óg Ó Conaire faoi shean Phádraic gur chreid sé go láidir i gcuspóirí Chonradh na Gaeilge agus nach bhféadfá éadóchas a shamhlú leis (ó thaobh na Gaeilge).Dúirt Pádraig Óg faoi "gur mba dhóigh leat agus tú ag éisteacht leis gur Gaeltacht a bhí sa tír ar fad!"
Deir cara eile dá chuid, an craoltóir Colm Ó Gaora "Bhí soineantacht an pháiste ann agus críonacht an fhealsúnaí".
Deir Eibhlín de Bhailís, léiritheoir na sraithe: "Sílím go mbeidh an-suim ag éisteoirí sa tsraith cartlainne seo. Chuir pobal na tíre aithne ar chuid de shaothar Phádraig Uí Chonaire nuair a bhí an leabhar gearrscéalta dá chuid Scothscéalta ar churaclam na hArdteiste. Anois, beidh sé cinn de na scéalta sin le cloisteáil ó thús go deireadh i nGaeilge bhlasta. Gheobhaidh an pobal éisteachta pictiúr iomlán den chinéal duine a bhí i sean Phádraig Ó Conaire - ó na smaointe agus na cuimhní spéisiúla a roinn a chairde, a mhuintir agus lucht léann sna míreanna ón gcartlann a chraolfar mar chuid den sraith seo."
Cloisfear An Bhean ar Leag Dia Láimh Uirthi ar an 6ú Aibreán, Anam an Easpaig ar an 13ú Aibreán, Beirt Bhan Misniúil ar an 20ú Aibreán, Ná Lig Sinn i gCathú ar an 27 Aibreán, Nóra Mharcuis Bhig ar an 4 Bealtaine agus Scéal Teatrarc na Gaililí ar an 11 Bealtaine.